English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Joe O’Brien Maoiniú Eorpach chun tacú le Tionscadail Lánpháirtíochta Imirceach ar bhonn Náisiúnta

• Bronnadh deontais ar 17 tionscadal faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) 2023

• Is í béim an CTIL tacú le Náisiúnaigh Tríú Tír

• Tacófar le tionscadail a bhfuil fad de 1 bhliain amháin ar a laghad agus 4 bliana ar a mhéad leo

• An 3ú fógra suntasach i dtaca le Maoiniú Tacaíochta Lánpháirtíochta le 3 seachtaine anuas

D’fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanais, Joe O’Brien, maoiniú de €10m inniu thar 17 tionscadal atá ag obair chun tacú le fáilte a chur roimh Náisiúnaigh Tríú Tír agus chun tacú lena lánpháirtiú Éirinn. Ba é t-íosmhéid an deontais ar fáil do thionscadail faoin CTIL €300,000.

Is tionscadal ilbhliantúil é an CTIL a bhfuil leithdháileadh iomlán €60.19 milliún aige, comhdhéanta de mhaoiniú ón Aontas Eorpach ar luach €49.77 milliún agus maoiniú comhpháirteach náisiúnta agus tairbhithe ar luach €10.42 milliún

Agus an 17 tionscadal ráthúil á bhfógairt aige inniu, dúirt an tAire Joe O’Brien:

“Is sásra maoinithe suntasach de chuid an Aontais Eorpaigh é an CTIL a chuireann ar ár gcumas ar leibhéal náisiúnta tacaíocht airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí a bhfuil obair ríthábhachtach idir lámha acu chun tacú le fáiltiú agus lánpháirtiú daoine a thagann ó Thríú Tíortha go sonrach. Aithnítear leis seo na deacrachtaí breise a chuirtear roimh dhaoine leochaileacha ó Thríú Tíortha a bhfuil tearmann á lorg acu in Éirinn agus aithnítear freisin iarrachtaí breise na ngrúpaí siúd atá ag obair chun fáilte a chur roimh na daoine seo agus chun tacú leo.

“Tá suntas ag baint le tacaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh tríd an gclár CTIL agus cabhraíonn sí linn tacaíocht bhreise a thabhairt don obair iontach atá ar siúl i bpobail ar fud na hÉireann chun fáilte a chur roimh dhaoine nua. Tá fógra an lae inniu ag teacht sna sála ar na fógraí a rinneadh le déanaí maidir le Ciste Lánpháirtíochta na bPobal agus maidir leis an gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta – a bhfuil aitheantas agus tacaíocht bhreise ag baint leo uile don ról ríthábhachtach atá ag an earnáil Phobail agus Dheonach i bpobail áitiúla i dtaca le hiarrachtaí lánpháirtíochta rathúla a chothú agus timpeallacht fháilteach a chruthú dóibh siúd a bhfuil saol níos fearr á lorg acu in Éirinn.”

Tionscadail Rathúla:

Ainm na hEagraíochta: Ainm an Tionscadail: An Méid a Bronnadh: Raon Feidhme Geografach:
NASC Connecting Communities III (Pobail á Nascadh III) € 375,763.08 Corcaigh, Ciarraí agus Port Láirge agus ar fud na tíre
An tIonad um Chearta Imirceach Éireann An Tionscadal um Abhcóideacht agus Cumasú Imirceach € 600,089.12 Náisiúnta
Comhairle na nDídeanaithe Éireann Saolta nua á dtógáil: eolas, cosaint agus lánpháirtíocht do dhaoine ag lorg cosanta € 650,476.69 Náisiúnta
Doras Seirbhís tacaíochta um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht € 527,288.63 Luimneach, Tiobraid Árann, an Clár agus ar fud na tíre
An Chomhairle um Inimircigh in Éirinn Integration Hub III (An Mol Lánpháirtíochta III) € 730,567.76 Ar fud na tíre
Jesuit Refugee Service (Seirbhís Dídeanaithe na nÍosánach) RAISE (Regional Accompaniment, Integration, Support and Empowerment) Project (Tionlacan, Lánpháirtíocht, Tacaíocht agus Cumasú Réigiúnach). € 343,206.00 Réigiún an Oirdheiscirt
Áit na nDaoine Purpose Driven Integration Dundalk (Lánpháirtíocht Spriocdhírithe Dhún Dealgan) € 308,895.00 An Lú Thuaidh
Galway City Partnership (Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe) BRIDGE (DROICHEAD) € 632,960.61 Gaillimh
SECAD South Cork Asylum, Migration and Integration Support Programme (Clár Tacaíochta Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta Chorcaigh Theas) € 413,939.89 Corcaigh Theas
Sligo Leader Partnership (Comhpháirtíocht na gCeannairí Sligeach) SIA- Sligo Integration Alliance Programme (CLS- Clár Comhghuaillíochta Lánpháirtíochta Sligeach) € 396,000.00 Sligeach
Traschúram ‘Meas’ (respect): rannpháirtíocht agus tacaíocht imirceach € 606,921.00 Baile Átha Cliath agus na contaetha máguaird, ar fud na tíre agus Corcaigh
Clare Immigrant Support Centre (Ionad Tacaíochta Imirceach an Chláir) CISC AMIF 04 € 623,031.00 An Clár
South West Mayo Development Co (Comhlacht Forbartha Iardheiscirt Mhaigh Eo) Welcoming and Including New Communities Mayo (WIN Mayo) (Fáilte a chur roimh Phobail Nua agus iad a Rannpháirtiú, Maigh Eo) € 456,000.00 Maigh Eo
KASI Fáiltiú agus Lánpháirtiú Iarrthóirí CI agus dídeanaithe, lena n-áirítear BTOP agus TCN eile € 585,965.05 Cill Airne agus Trá Lí
Cumann Croise Deirge na hÉireann Mental Health, English Language, Employment Skills and Family Reunification Program (Clár Meabhairshláinte, an Bhéarla, Scileanna Fostaíochta agus Athaontú Teaghlaigh) € 1,923,798.75 Ar fud na tíre agus Baile Átha Cliath
People 1st (Tús Áite do Dhaoine) FAILTE, Friendship, Assistance, Integration, Language Training, Employability (CTLOI Cairdeas, Tacaíocht, Lánpháirtíocht, Oiliúint Teanga, Infhostaitheacht) € 329,730.32 Dún na nGall
Coláiste Mhuire gan Smál Embracing Diversity Nurturing Integration Project (EDNIP) 3 (An Tionscadal um Ghlacadh leis an Éagsúlacht agus Lánpháirtíocht a Chothú) € 300,000.00 Cathair Luimnigh