Fógraíonn an tAire O’Gorman 37 tionscadal atá le maoiniú faoin nGlao ar an gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 de chuid Ag Tacú le Tuismitheoirí
- Foilsithe: 7 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2024
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil 37 tionscadal le maoiniú a fháil faoin gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24. Gheobhaidh gach tionscadal rathúil suas le €2,000 san iomlán, a thacóidh le forbairt agus cur chun cinn gníomhaíochtaí piarthacaíochta do thuismitheoirí ar fud na tíre.
Tá an ciste seo mar chuid den tSamhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí; Ag Tacú le Tuismitheoirí, a fhéachann lena chinntiú go bhfuil gach tuismitheoir muiníneach agus cumasach ina ról tuismitheoireachta, ag cuidiú leis na torthaí is fearr a bhaint amach do leanaí agus do theaghlaigh.
Tugann taighde le fios go bhfuil tuismitheoirí agus iad siúd atá i ról tuismitheora níos compordaí ag lorg tacaíochta óna bpiaraí. Cuireann grúpaí piarthacaíochta do thuismitheoirí na nithe seo a leanas chun cinn: scileanna tuismitheoireachta sláintiúla, mothú cumasaithe níos mó agus braistint chómhuintearais. Cuidíonn grúpaí piarthacaíochta do thuismitheoirí go háirithe le tuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag déileáil le himní, le dúlagar nó le saincheisteanna meabhairshláinte eile, chomh maith le tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais chúraim chasta acu.
Seoladh an Ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ar dtús in 2022, agus bronnadh maoiniú ar 25 tionscadal. Fuair an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) aiseolas dearfach ar luach an mhaoinithe seo ó sheirbhísí náisiúnta ar fud na hearnála pobail, deonacha agus reachtúla. Méadaíodh an buiséad don Chiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ó €50,000 go €75,000 i mbliana.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá lúcháir orm liosta na seirbhísí a gheobhaidh maoiniú faoin gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 a fhógairt. “Caithfear meas a léiriú ar an raon leathan agus ar éagsúlacht na dtionscnamh atá tiomanta do thorthaí a fheabhsú do thuismitheoirí ar fud na tíre. Cabhróidh an maoiniú seo go mór leis na seirbhísí sin atá ag obair go díreach chun tacaíochtaí praiticiúla ardchaighdeáin a sholáthar do thuismitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil ról cúraim acu.”
“Tá lúcháir orm go dtabharfaidh an maoiniú breise seo, atá curtha ar fáil ag mo Roinn tríd an gciste seo, deis do líon níos mó tuismitheoirí leas a bhaint as piarthacaíocht ina bpobail féin.”
Cuirfear sonraí maidir le tionscnaimh chistiúcháin amach anseo faoin tSamhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí in iúl trí chainéil mheáin shóisialta RLCMLÓ.
Tionscadail Rathúla
Ainm na Seirbhíse
1. | Archways Chontae Lú |
2. | Aspire Éireann |
3. | FRC Bhaile Átha Luain |
4. | Tacaíocht Uathachais Chontae Lú/Chontae na Mí |
5. | Avista |
6. | FRC Bhaile an Mhóta |
7. | Barnardos - Port Láirge |
8. | Le Chéile FRC Chaisleán an Bharraigh |
9. | Páistí san Ospidéal |
10. | FRC Chromadh |
11. | Cuidiú CLG |
12. | Tacaíocht Uathachais Dóchas an Mheán-Iarthair |
13. | Siondróm Down na hÉireann, Contae Lú/ Contae na Mí |
14. | Siondróm Down Luimnigh |
15. | Ionad Acmhainní Teaghlaigh FGU Rialto |
16. | Foróige, Parent Pals Mhaigh Eo |
17. | Cairde Beathú Cíche |
18. | Home Start Bhaile Bhlainséir |
19. | Ionad Acmhainní Teaghlaigh an Ospidéil CLG |
20. | Cúram Gaoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (ach is seirbhís náisiúnta í) |
21. | Coláiste Mhuire gan Smál |
22. | Seirbhís Tacaíochta do Mhná Mhaigh Eo (MWSS) |
23. | Meitheal, Siondróm Down Thiobraid Árann |
24. | Ionad Acmhainní Teaghlaigh Mhainistir na Corann |
25. | Ráth Caola Le Chéile |
26. | FRC Chnocán na Rós |
27. | Seirbhís um Fhoréigean Baile Saoirse |
28. | FRC Shionainne |
29. | FRC Southill |
30. | Líonra Tuismitheoirí Riachtanas Speisialta Dhún na nGall |
31. | Ionad Pobail Naomh Bríd Dhún na nGall |
32. | Teach Mhichíl, CAMHS, An Chúlóg |
33. | An tIonad Crann - Corcaigh |
34. | This is Me Neurodiversity- Grúpa Tacaíochta Tuismitheoirí |
35. | Siondróm Usher Éire Bhaile Átha Cliath |
36. | YMCA Bhaile Átha Cliath Thiar |
37. | Baile Munna Óg |
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
Ag Tacú le Tuismitheoirí: forbraíodh Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí de réir gealltanais in Na Chéad 5, straitéis iomlán rialtais do leanaí, leanaí óga agus a dteaghlaigh 2019 2028. D’fhorbair grúpa oibre comhoibríoch an tsamhail faoi cheannas na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ), le hionchur ó raon leathan páirtithe leasmhara ó ranna rialtais éagsúla, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí pobail agus deonacha.
Tógann an ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ar na gealltanais atá leagtha amach laistigh de Ag Tacú le Tuismitheoirí, trí mhaoiniú a sholáthar chun tacaíochtaí a chabhraíonn le tuismitheoirí a fheabhsú agus a chur chun cinn. Oibríodh an chéad bhabhta maoinithe ar bhonn píolótach agus mar thoradh ar aiseolas dearfach agus leibhéil arda suime sa scéim, socraíodh maoiniú breise a chur ar fáil do sheirbhísí a thacaíonn le tuismitheoirí arís i mbliana.
Ba é an maoiniú iomlán a bhí ar fáil faoin gciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 ná €75,000. Bhí iarratais ar Chiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 oscailte ón 17 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2023.
Is féidir ceisteanna a chur chuig an Aonad Beartais um Thacaíocht do Thuismitheoirí trí ríomhphost a sheoladh chuig: parentingsupport@equality.gov.ie.