Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman Glao ar Chistiú ar Sheirbhísí Pobail LGBTI+ 2023

  • Tá €900,000 á chur ar fáil do ghrúpaí iarratasóirí, atá ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, chun tacú le seirbhísí pobail agus chun infheictheacht agus cuimsiú daoine LGBTI+ a chur chun cinn.
  • Tá sé mar aidhm ag maoiniú cuimsiú a chur chun cinn, cearta a chosaint agus cáilíocht saoil agus folláine a fheabhsú do dhaoine LGBTI+ in Éirinn.
  • Tá an scéim deontais oscailte d’iarratais ó eagraíochtaí neamhrialtasacha LGBTI+ atá ann cheana agus ó eagraíochtaí pobail atá ag obair le daoine LGBTI+.

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman inniu gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar mhaoiniú ón gciste Seirbhísí Pobail LGBTI+.

Is gné thábhachtach é Glao ar Mhaoiniú Seirbhísí Pobail LGBTI+ 2023 chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú LGBTI+, a foilsíodh an 28 Samhain 2019, agus a chomhlánaíonn an Straitéis Náisiúnta don Óige LGBTI+ a foilsíodh i mí an Mheithimh 2018.

Agus an ciste á fhógairt aige, dúirt an tAire O’Gorman:

“Is ionann oscailt an Ghlao Maoinithe do Sheirbhísí Pobail LGBTI+ agus ceiliúradh Pride, agus aithníonn sé an gá atá le rochtain níos fearr ar sheirbhísí LGBTI+ ar fud na hÉireann.

"Le 3 bliana anuas, tá maoiniú ríthábhachtach curtha ar fáil ag an gCiste d’eagraíochtaí ar fud na tíre chun cuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha do dhaoine LGBTI+ agus chun a chinntiú go dtugtar tacaíocht dóibh chun a gcearta a bhaint amach agus tá áthas orm é sin a fheiceáil.

"Cuireann soláthar an mhaoinithe seo béim ar thiomantas an Rialtais leanúint de thacaíocht a thabhairt don phobal LGBTI+ chun cur ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh i saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus polaitiúil na hÉireann.”

Tá dhá shruth maoinithe ann;

  • Tacóidh Scéim A le tionscnaimh nua ach tá sí oscailte freisin d’iarratais ó ENRanna LGBTI+ atá ann cheana ar mhaoiniú chun seirbhísí agus tionscnaimh atá ann cheana a chothabháil agus a fheabhsú. Cuideoidh sé sin leis na heagraíochtaí sin cur lena n-acmhainneacht agus na tacaíochtaí seanbhunaithe LGBTI+ atá ann cheana agus atá seanbhunaithe a chothabháil.
  • Cuirfidh Scéim B deontais bheaga ar fáil d’eagraíochtaí do thionscadail a chuireann infheictheacht agus cuimsiú daoine LGBTI+ chun cinn.

Ní mór gach iarratas a chur isteach go leictreonach.

Beidh iarratais ar mhaoiniú ar oscailt go dtí 12pm Dé Céadaoin, an 26 Iúil 2023. Is féidir le grúpaí teacht ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú ag na naisc seo a leanas:

Scéim A –

https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/LBGTICommunityServicesFundingOpenCall2023SchemeA

Scéim B –

https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/2023LGBTICommunityServicesFundingCallSchemeB

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Déanfar measúnú ar iarratais ar Mhaoiniú de réir na gcritéar seo a leanas:

  • Oiriúnach straitéiseach agus spriocanna na Scéime a bhaint amach, lena n-áirítear an chaoi a rachadh an tionscadal atá beartaithe chun tairbhe do dhaoine LGBTI+ i gceantair thuaithe.
  • Láidreacht an togra, lena n-áirítear conas a fheabhsóidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe seirbhísí agus a chomhlíonfaidh riachtanais reatha an phobail LGBTI+ nach bhfuiltear ag freastal orthu.
  • Cumas na heagraíochta is iarratasóirí clár oibre a chur ar fáil, lena n-áirítear an bhfuil stair ag an eagraíocht is iarratasóir maidir le bheith ag obair leis an bPobal LGBTI+ agus cuntas teiste maidir le cláir shonracha a bhaineann le tacú leis an bPobal LGBTI+ a chur ar fáil.
  • Bainistíocht airgeadais agus margadh maith ar an airgead.