Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Grúpa neamhspleách ceaptha ag an Aire O’Gorman chun súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil le deireadh a chur le Soláthar Díreach

  • Tomhaisfidh an grúpa neamhspleách nua de thriúr dul chun cinn i gcomparáid le cuspóirí an Pháipéir Bháin, cuirfidh siad aon ábhar imní in iúl don Aire agus foilseoidh siad tuarascálacha neamhspleácha.

23 Meán Fómhair 2021

Inniu (an 23 Meán Fómhair 2021), d’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tUasal Roderic O’Gorman TD, go bhfuil grúpa neamhspleách de thriúr ceaptha aige chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Pháipéir Bháin chun Deireadh a Chur le Soláthar Díreach, Páipéar Bán a d’fhoilsigh an tAire mí Feabhra seo caite.

Seo a leanas baill an ghrúpa:

  • An Dr Catherine Day, iar-Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh agus Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh maidir le Soláthar Tacaíochta lena n-áirítear Cóiríocht le haghaidh Daoine atá páirteach sa Phróiseas Cosanta Idirnáisiúnta;
  • An Dr David Donoghue, taidhleoir atá ar scor agus iar-Ambasadóir na Náisiún Aontaithe;
  • An Dr Lorcan Sirr, saineolaí ar bheartas tithíochta.

Tá an gealltanas Grúpa Comhairleach Seachtrach a bhunú chun maoirseacht neamhspleách maidir leis an bpróiseas athchóirithe le fáil sa Pháipéar Bán. Déanfaidh an Grúpa monatóireacht ar dhul chun cinn agus soláthróidh sé comhairle maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme. Cuirfear tuarascálacha an Ghrúpa ar fáil don phobal.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire le linn dó na ceapacháin a fhógairt:

“Beidh ról tábhachtach ag an nGrúpa Comhairleach Seachtrach sna hathchóirithe atá á n-achtú againn chun deireadh a chur le Soláthar Díreach agus córas nua a chur ina áit atá fréamhaithe i gcearta an duine agus meas ar uathriail.

"Déanfaidh an Grúpa monatóireacht neamhspleách ar dhul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme an chórais nua. Cuirfidh sé tuarascálacha tréimhsiúla i dtoll a chéile chun eolas a roinnt maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil le hathchóirithe agus aird a tharraingt ar aon ábhair imní. Foilseofar na tuarascálacha seo ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Soláthróidh sé seo measúnú neamhspleách ar an bpróiseas athchóirithe do pháirtithe leasmhara agus don phobal.

"Tá neart oibre déanta againn chun deireadh a chur le Soláthar Díreach agus córas tacaíochta nua a chur ina áit atá bunaithe ar chearta an duine agus atá á chur ar fáil ar bhonn seachbhrabúsach. Reáchtáil Bord an Chláir atá freagrach as cur chun feidhme na n-athchóirithe an dara cruinniú dá chuid inniu (an 23 Meán Fómhair 2021). Tá mo Roinn ag obair leis an nGníomhaireacht Tithíochta chun an chóiríocht a bheidh ag teastáil a fháil, agus tá tús curtha againn leis an obair a bhaineann leis an gclár comhtháthaithe agus tacaíochta a fhorbairt a chuirfidh ar chumas iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta maireachtáil go neamhspleách i measc an phobail i ndiaidh a gclár tionscnaimh tosaigh ceithre mhí.

"Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Catherine Day, David Donoghue, agus Lorcan Sirr as a bheith toilteanach am, fuinneamh agus saineolas a chur ar fáil don obair thábhachtach seo. Tá mé ag súil le bheith ag obair leo sna míonna amach romhainn chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur le Soláthar Díreach.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Catherine Day i ndiaidh di glacadh leis an gceapachán:

“Tá mé ag súil le bheith ag obair leis an nGrúpa Comhairleach Seachtrach agus tacú le cur chun feidhme an Pháipéir Bháin agus cabhrú le deireadh a chur le Soláthar Díreach a luaithe agus is féidir.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr David Donoghue,

"Tá mé ag súil leis an deis a bheith agam tacú le cur chun feidhme an Pháipéir Bháin agus leis an bhfís dhaonna, fhadbhreathnaitheach agus cheartbhunaithe atá sonraithe sa Pháipéar Bán a thabhairt chun beochta”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Lorcan Sirr,-

"Cúis áthais dom a bheith ceaptha ag an Aire O'Gorman mar bhall den Ghrúpa Comhairleach Seachtrach. I dteannta le Catherine Day and David Donoghue, soláthróimid comhairle neamhspleách agus shaineolach maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil leis an athrú, a bhfuil géarghá leis, sa chóras soláthair dhírigh in Éirinn. Gné lárnach de na hathruithe seo a bheidh i dtithíocht, beartas agus cleachtas, agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas mo chuid taithí féin ar a bheith ag obair sa réimse seo le scór bliain anuas a chur chun tairbhe na hoibre."

CRÍOCH


NÓTAÍ DO NA HEAGARTHÓIRÍ

Dréacht-Téarmaí Tagartha don Ghrúpa Comhairleach Seachtrach

  • D’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar an aistriú chuig samhail nua chóiríochta agus tacaíochtaí le haghaidh Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta mar atá sonraithe sa Pháipéar Bán chun Deireadh a Chur le Soláthar Díreach agus Seirbhís Tacaíochta Cosanta Idirnáisiúnta nua a bhunú;
  • Chun comhairle a sholáthar maidir leis an bpróiseas aistrithe go ginearálta nó maidir le réimsí sonracha nach mór aird a dhíriú orthu;
  • Tuarascálacha a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn tréimhsiúil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil leis an aistriú agus aird a tharraingt ar aon ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith i gceist;
  • Tuairisciú don Rialtas maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an tionscadal athchóirithe;

Beidh seirbhís rúnaíochta don Ghrúpa Comhairleach Seachtrach á cur ar fáil ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Baill an Ghrúpa Chomhairligh Sheachtraigh

Ba í an Dr Catherine Day an chéad bhean a ceapadh mar Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh (2005-2015) - an státseirbhíseach is sinsearaí san AE - post a bhí aici ar feadh dhá théarma, ag obair taobh le hUachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barosso agus le hUachtarán eile an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker. I rith a téarma oifige, d’fhorbair sí ról na hArdrúnaíochta i gcomhordú beartais tras-Choimisiúin, rialáil níos fearr agus cur chuige measúnachta tionchair/beartais, agus príomh-idirbheartaí ba ea í i ndáil le creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 le haghaidh bhuiséad an AE. Roimhe seo, bhí roinnt ról sinsearach ceannaireachta ag an Dr Day sa Choimisiún, bhí ról lárnach aici sa phróiseas réamhaontachais le haghaidh Ballstát is iarrthóra agus mar Ard-Stiúrthóir Comhshaoil, agus bhí baint mhór aici le forbairt straitéisí aeráide agus fuinneamh in-athnuaite an Choimisiúin. Tá MA i dTrádáil Idirnáisiúnta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus BA san Eacnamaíocht agus sa Pholaitíocht ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath bronnta ar an Dr Day, mar aon le Dochtúireachtaí Oinigh ó thrí ollscoil Éireannacha. Tá Gradam Scothsheirbhíse Uachtarán na hÉireann agus Bonn Óir Garrett Fitzgerald le haghaidh Caidreamh Idirnáisiúnta bronnta uirthi agus toghadh mar chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann í in 2016. Le blianta beaga anuas, bhí an Dr Day i mbun cathaoirleachta ar an nGrúpa Comhairleach maidir le Soláthar Tacaíochta lena n-áirítear Cóiríocht do Dhaoine atá Páirteach sa Phróiseas Cosanta Idirnáisiúnta (2019 go dtí 2020), ar fhoilsigh an Rialtas an Tuarascáil a bhain leis i Meán Fómhair 2020.

Is Ambasadóir Éireannach ar scor é an Dr David Donoghue a bhfuil neart taithí aige ar a bheith ag obair sa bhaile agus thar lear. Le linn dó a bheith ag feidhmiú mar Ambasadóir na hÉireann le haghaidh na Náisiún Aontaithe (2013-17), rinne sé comhchathaoirleacht ar dhá idirbheartaíocht shuntasacha dhomhanda, ceann a sholáthair Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (2015) agus ceann eile a sholáthair Dearbhú Nua-Eabhrac maidir le Dídeanaithe agus Imircigh (2016), an chéad chomhaontú domhanda den chineál seo. Tá baint aige le próiseas síochána Thuaisceart Éireann le fada, ceapadh é mar Ambasadóir na hÉireann don Ghearmáin, don Rúis agus don Ostair agus chomh maith leis sin ceapadh é mar Stiúrthóir Polaitiúil na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus mar cheann Chúnamh Éireann. I láthair na huaire, tá sé páirteach i meithleacha machnaimh agus pobail acadúla atá ag díriú ar cheisteanna a bhaineann le himirce agus dídeanaithe, forbairt inbhuanaithe agus réiteach coinbhleachta.

Is Léachtóir Sinsearach le tithíocht, pleanáil agus forbairt in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é an Dr Lorcan Sirr. Is comhalta boird é de Stiúideónna Ealaíontóirí an Stáisiúin Dóiteáin agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann. Tá neart taithí ag an Dr Sirr ar a bheith ag labhairt ag comhdhálacha, is iarcholúnaí le The Sunday Times é, agus eagarthóir agus údar roinnt leabhar, lena n-áirítear 'Renting in Ireland: the public, private and voluntary sector', 'Housing in Ireland: the A-Z guide', agus 'Housing in Ireland: beyond the markets’ atá le foilsiú gan mhoill.