Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Stáit Naughton €2.8 milliún i ndeontais ón gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas

D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley agus an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Hildegarde Naughton, inniu go bhfaighidh 22 tionscadal nuálach maoiniú €2.8 milliún faoin mbabhta is déanaí den Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas.

Tá na deontais á gcur ar fáil do thionscadail chun tacú le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí pobail, spóirt agus fisiciúla, gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúrtha, fiontair shóisialta agus tionscnaimh néara-éagsúlachta.

I measc na dtionscadal do dhaoine faoi mhíchumas tá clubanna canúála maidir leis an gcaoi chun freastal ar dhaoine faoi mhíchumas, ceardlanna amharclainne fuaime, féilte ealaíon do dhaoine faoi mhíchumas agus clár deisiúcháin cathaoireacha rothaí DIY.

Tá cúrsaí i dtaca le scileanna fostaíochta ann freisin do dhaoine faoi mhíchumas agus cúrsaí athshlánaithe stróc.

I Meán Fómhair 2024, seoladh glao ar iarratais faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas agus, tar éis próiseas roghnúcháin dian, gheobhaidh 22 eagraíocht rathúil dámhachtainí deontais suas le thart ar €200,000 anois.

Agus é ag fógairt na bhfaighteoirí maoinithe is déanaí seo faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas, dúirt an tAire Foley:

"Tá ríméad orm a fhógairt go bhfaighidh 22 tionscadal nuálach nua maoiniú faoin mbabhta seo den Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas. Tá réimse iontach tionscadal ann chun tacú le daoine faoi mhíchumas de gach aois chun saol iomlán gníomhach a chaitheamh. Áirítear leo turais seoltóireachta, ceardlanna amhránaíochta foraoise, cláir madraí teiripe scoile agus léirithe sorcais lánchuimsitheacha. Cuirfidh na tionscadail seo deiseanna nua spreagúla ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas a gcuid tallann agus cumais a thaispeáint agus barr a gcumais a bhaint amach."

Dúirt an tAire Stáit Naughton:

"Beidh tionchar buan ag na tionscnaimh iontacha a mhaoineofar faoin mbabhta is déanaí seo de mhaoiniú CRFM ar an tsochaí trí thuiscint agus feasacht níos fearr a chur chun cinn ar chúrsaí míchumais laistigh den phobal, deiseanna fostaíochta fíor a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas trí chláir oiliúna éagsúla a sholáthar, tacaí athraitheacha saoil a sholáthar le teicneolaíocht chúnta agus rannpháirtíocht bhríoch a éascú i go leor gníomhaíochtaí áineasa, ag cothú meon pobail agus muintearais níos doimhne do chách. "

Rinne na hairí an fógra ag Caifé Acadamh Le Chéile i nDún Laoghaire, áit a bhfuil maoiniú á fháil aige chun oiliúint agus taithí oibre a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá an ciste á oibriú thar ceann na Roinne ag Rethink Ireland, agus gheobhaidh gach ceann de na tionscadail rathúla deontais agus tacaíocht neamhairgeadais araon mar chuid den tsamhail chistithe.

D’éirigh leis na tionscadail seo a leanas:

Tionscadal

Eagraíocht

Contaetha

Méid an dámhachtana

Sea Change for All

Oiliúint Seoltóireachta Éireann d’Fhorbairt Óige

Ar fud na tíre

€ 56,486

Spórt ar Chumais Éagsula

COPE Foundation T/A Horizons

Corcaigh

€136,745

PaddleAble Educate

Irish Canoe Union T/A Canoeing Ireland

Ar fud na tíre

€75,550

Teicneolaíocht Chúnta creATe

Peter Bradley Foundation T/A Acquired Brain Injury Ireland

Ar fud na tíre

€121,550

Leabharlann na Teicneolaíochta Digití agus Cúnta (DAT)

Brothers of Charity Services Ireland CLG

Gaillimh, Ros Comáin

€101,608

Cláir aclaíochta bunaithe ar fhianaise dóibh siúd a mhair tar éis Stróc a fháil

Cork Stroke Support CLG

Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge

€118,138

Tionscadal Deisiúcháin Cathaoireacha Rothaí DIY

An Mheitheal Comhshaol Cooperative Limited

Gaillimh, Sligeach, Maigh Eo, An Clár, Ros Comáin

€55,550

When Forests Sing (WFS): Ceoldráma Bith/Éagsúil Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann

Ceol Acadamh Ríoga na hÉireann (CARE)

Ar fud na tíre

€143,150

Sightless Cinema

Sightless Cinema

Baile Átha Cliath; Cill Dara; Laois; An Mhí

€109,850

Clár Forbartha Rochtana Cruthaithí Disrupt

Féile Ealaíne Míchumais Disrupt

Ar fud na tíre

€127,280

Circus is for EVERYBODY

Galway Community Circus CLG

Ar fud na tíre

€176,550

Ár nÁit

Carlow Arts Festival CLG

Ceatharlach

€205,095

Shine Drama, Music and Dance

Amharclann Hawk's Well

Dún na nGall, Liatroim,
Maigh Eo, Ros Comáin, Sligeach

€134,480

From CAPCA to Abundance

Fionnathan Productions

Ar fud na tíre

€185,400

DigiCoaching –Advancing Digital Accessibility

Seirbhísí Pobail Naomh Eoin Dé

Ar fud na tíre

€100,550

Bluestack Special
Needs Foundation

Bluestack Special Needs Foundation

Dún na nGall

€138,950

See My Skills

See My Skills

Corcaigh

€94,881

An tAcadamh Le Chéile

New Training Cafe

The Down Syndrome Centre

Baile Átha Cliath

€146,770

Clár Madraí Teiripe Scoile MCC

My Canine Companion

Ar fud na tíre

€155,550

Clár Discovery

Thriving Autistic CLG

Ar fud na tíre

€203,750

Neuroconvergence

Happenings CLG

Ar fud na tíre

€200,550

Clár
Táirgiúlachta ADHD

HADD-ADHD Ireland

Ar fud na tíre

€72,374

Iomlán:

   

2,860,807

NÓTAÍ

Is é cuspóir an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas (CRFM) tacú le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i ngníomhaíochtaí áitiúla, cabhrú le bacainní ar rannpháirtíocht phobail a bhaint agus tacú le cur chun cinn agus cur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) i bpobail.

Osclaíodh an glao is déanaí ar iarratais chuig an gCiste trí Rethink Ireland i Meán Fómhair 2024. Bhí iarratais á lorg faoi cheithre shnáithe théamacha.

Snáithe 1

Tacú le rannpháirtíocht phobail, spóirt agus fhisiciúil: Maoiniú a dhéanamh ar thionscadail/eagraíochtaí a fheabhsaíonn agus a spreagann inrochtaineacht agus rannpháirtíocht i saol an phobail do dhaoine faoi mhíchumas.

Dámhachtain iomlán: €665,627

Snáithe 2

Tacú le gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúrtha, go háirithe iad siúd a chothaíonn feasacht ar thaithí saoil daoine faoi mhíchumas agus a thacaíonn le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i saol na healaíne, an chultúir agus an phobail.

Dámhachtain iomlán: €896,405

Snáithe 3

Tacú le tionscnaimh fiontraíochta sóisialta chun taithí fostaíochta luachmhar a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.

Dámhachtain iomlán: €666,551

Snáithe 4

Tacú le tionscadail/tionscnaimh i réimse na néara-éagsúlachta: Tionscadail/eagraíochtaí a mhaoiniú a thacaíonn le rannpháirtíocht leanaí agus dhaoine fásta néara-éagsúla ina bpobail áitiúla.

Dámhachtain iomlán: €632,224

Chomh maith le deontais airgid, cuirfear tacaíocht neamhairgeadais ar fáil freisin, a chuirfear in oiriúint do gach tionscadal/eagraíocht, agus a bheidh dírithe ar a acmhainn a fhorbairt agus a thionchar a mhéadú.