Molann an tAire O'Gorman go mbunófaí Comhchoiste Saothair d'earnáil Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (ELC) agus Chúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC)
- Foilsithe: 12 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Scríobh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, TD, chuig an Aire Stáit Gnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English TD, ag moladh go mbunófaí Comhchoiste Saothair (JLC) d'earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige (ELC) agus chúram leanaí ar aois scoile (SAC).
Tá an Clár Rialtais tiomanta do thacaíocht a thabhairt do bhunú JLC don earnáil.
Leanann an moladh próiseas comhairliúcháin 8 seachtaine réamh-JLC a thionscain an tAire i gcomhpháirtíocht le SIPTU agus CSI/IBEC, agus a bhfuil an Dr Kevin Duffy, iar-Chathaoirleach na Cúirte Oibreachais ina chathaoirleach neamhspleách air. Mar chuid den phróiseas, tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr le dul i ngleic le saincheisteanna pá agus coinníollacha san earnáil agus conas a d’fhéadfadh JLC tacú leis seo.
Tar éis don phróiseas comhairliúcháin réamh-JLC a bheith críochnaithe, chuir an Dr Duffy tuarascáil faoi bhráid an Aire ina moltar go mbunófaí JLC.
Dá mbunófaí é, thabharfadh JLC deis do SIPTU agus CSI/IBEC dul i mbun caibidlíochta ar Ordú Rialála Fostaíochta a d’fhéadfadh rátaí ceangailteacha pá agus coinníollacha a bhunú don earnáil ar deireadh thiar.
Dúirt an tAire O'Gorman:
“Bhí áthas orm tuarascáil an Dr Duffy a léamh ar an dul chun cinn an-dearfach a rinneadh sa phróiseas ‘Réamh-JLC ’a thionscain mé i gcomhpháirtíocht le SIPTU agus CSI/IBEC. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Duffy agus leis na páirtithe go léir a bhí páirteach as a gcuid iarrachtaí agus a dtiomantais.
“Cé go bhfuil go leor le déanamh fós, tá sprioc thábhachtach bainte amach againn inniu i dtreo pá agus coinníollacha feabhsaithe dóibh siúd atá ag obair san earnáil."
Dúirt sé:
"Tá gairmiúlacht leanúnach na hearnála ag brath go mór ar mheicníocht oiriúnach a aimsiú a thabharfaidh aghaidh ar phá agus ar choinníollacha, agus beidh sí mar bhonn agus taca le seachadadh seirbhísí ardchaighdeáin do leanaí agus do theaghlaigh."
Faoin Acht Caidrimh Thionscail 1946, tá sé de chumhacht ag an Aire Stáit Gnó, Fostaíochta agus Miondíola iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais chun JLC a bhunú, agus is é ról reachtúil na Cúirte Oibreachais oiriúnacht JLC a bhunú in earnáil ar leith a chinneadh.
CRÍOCH