Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta ‘Aistear’ roimh sheoladh suíomh gréasáin nua nuálach ‘Scileanna a Chothú’, atá deartha ar mhaithe le tacaíocht a chuir ar fáil do os cionn 30,000 ball foirne i suíomhanna luathbhlianta
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025
- Is cloch mhíle shuntasach í an tairseach úrnua seo, i dtreo córas Forbairt Ghairmiúil Leanúnach náisiúnta a chuir ar fáil don earnáil.
- Soláthróidh an Mol Foghlama ábhair foghlama agus deiseanna oiliúna d’oideoirí i roinnt réimsí, lena n-áirítear Cleachtas Ardchaighdeáin agus Ionchuimsitheach, Sláinte agus Folláine agus an Ghaeilge.
- Dhírigh an chomhdháil ar chleachtadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara ar an gcreat curaclaim nuashonraithe Aistear, a thiocfaidh i bhfeidhm i Meán Fómhair.
Rinne an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais an suíomh gréasáin nuálach nua Scileanna a Chothú a sheoladh ag an gcomhdháil bhliantúil – ‘Ag leanúint den Turas: Aistear nuashonraithe’ – a tharla i mBaile Átha Cliath inniu a phlé. Cuirfidh an tairseach nua seo ar líne tacaíocht ar fáil do os cionn 31,000 ball foirne atá ag obair le 235,000 leanbh i suíomhanna cúraim agus foghlama, cúram leanaí in aois scoile agus feighlíocht leanaí in Éirinn. Cuireann sé uirlisí praiticiúla, acmhainní machnamhacha agus treoir ghairmiúil ar fáil chun cleachtas ionchuimsitheach a chur chun cinn ar mhaithe lena sláinte agus a bhfolláine féin a chosaint.
Déanfaidh suíomh gréasáin Scileanna a Chothú freastail ar an Mol Foghlama Scileanna a Chothú, a chuireann rochtain éasca ar ábhair foghlama agus deiseanna oiliúna i roinnt réimsí, lena n-áirítear Cleachtas ionchuimsitheach, Sláinte agus folláine agus an Ghaeilge ar fáil d’oideoirí.
Chomh maith leis sin, is cloch mhíle shuntasach é an suíomh gréasáin, i dtreo córas Forbairt Ghairmiúil Leanúnach náisiúnta a bhaint amach don earnáil, a bhí mar ghealltanas faoi Scileanna a Chothú: An Plean Forbartha don Lucht Saothair.
Agus í ag trácht ar sheoladh an tsuímh ghréasáin nua, Scileanna a Chothú, dúirt Norma Foley, an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais:
"Tá an-ríméad orm agus an suíomh gréasáin nua, Scileanna a Chothú seolta, arbh tairseach nuálach í atá deartha ar mhaithe le tacaíocht a chuir ar fáil d’oideoirí agus iad a chumasú, agus iad ar a dturas leanúnach gairmiúil. Is léiriú ar ár dtiomantas láidir maidir le cleachtas ionchuimsitheach agus forbairt ghairmiúil leanúnach í an acmhainn seo ar líne, ag soláthar rochtain éasca ar ábhair foghlama ardchaighdeáin agus ar dheiseanna oiliúna atá deartha chun tacú agus spreagadh a thabhairt d’oideoirí.
Ní amháin go bhfuilimid ag déanamh infheistíochta inár oideoirí ach i sochaí gach uile leanbh atá i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí chomh maith, agus an mol lárnach le haghaidh forbairt ghairmiúil á chuir ar fáil againn."
Seoladh an suíomh gréasáin inniu mar chuid den chomhdháil náisiúnta – ‘Ag leanúint den Turas: Aistear nuashonraithe a phlé’. Is ceann amháin de shraith gníomhaíochtaí scaipthe í an chomhdháil seo atá ar bun tar éis sheoladh an Creat nuashonraithe agus na Treoirlínte ar mhaithe le Dea-chleachtais gaolmhara i mí na Nollag 2024.
Ba é Aistear, an leagan Gaeilge den fhocal aistear, an chéad chreat curaclaim de chuid na hÉireann le haghaidh oideachas luathbhlianta nuair a cuireadh ar bun é in 2009. Seo é an chéad nuashonrú a tharla ón am sin agus cuirfear i bhfeidhm é i Meán Fómhair na bliana seo.
Tá Aistear nuashonraithe oiriúnach do leanaí, ón am a mbeirtear iad suas go dtí go mbaineann siad sé bliana d’aois amach i ngach suíomh, cé is moite do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta. Aithníonn Aistear go mbíonn tionchar múnlaitheach ag na chéad taithí a bhíonn ag páistí’, naíonáin agus leanaí óga, rud a mhaireann ar feadh a saoil. Tá sé tábhachtach do pháistí, naíonáin agus leanaí óga go ndéantar Aistear a chuir i bhfeidhm ina gcuid seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim ar mhaithe le taithí ardchaighdeáin foghlama a chur ar fáil do leanaí. Is féidir le haon duine atá ag tacú le páistí, naíonáin agus leanaí óga an-úsáid a bhaint as an gCreat, agus baineann an-tábhacht leis do na hoideoirí siúd atá fostaithe i róil ghairmiúla agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le saoil laethúil leanaí óga.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá an-ríméad orm go bhfuil an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i ndiaidh an chomhdháil náisiúnta seo atá dírithe ar Aistear nua shonraithe, a óstáil: Creatchuraclam na Luath-Óige.
Is dearbhú eile maidir lenár dtiomantas i gcur chuige atá bunaithe ar spraoi agus a bhfuil tús áite ag an bhfiosrúchán maidir le hoideachas luathóige an Creat nuashonraithe seo, agus an riachtanas a bhaineann leis an dá cheann soiléir dúinn. Cuirtear tacaíocht ar fáil d’oideoirí, agus leanaí a bheith mar bhun agus barr an scéil agus luach a chuir ar fhiosracht nádúrtha an linbh chun foghlaimeoirí muiníneacha, cumasacha agus cruthaitheacha a chothú ón tús ar fad.
Is léargas é an nuashonrú seo ar an taighde is déanaí agus ar an gcleachtas is fearr, agus cinntíonn sé go bhféadfadh gach leanbh rath a bhaint amach i suíomh a thugann tús áite don spraoi, ionchuimsitheach agus fiosracht áthasach.”
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee:
“Cuirim an-fháilte roimh an gcomhdháil seo, áit a bhfuil nuashonrú Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige, agus léiriú ar an tiomantas coiteann a chinntíonn go bhfaigheann na baill is óige dár sochaí taithí ardchaighdeáin luathfhoghlama agus cúraim.
Tacaítear le próiseas nuashonraithe Aistear, arna curtha i dtoll a chéile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta trí thaighde agus comhairliúchán fairsing le leanaí, tuismitheoirí agus leis an gcuid mhaith de pháirtithe leasmhara ar fud na hearnálacha oideachais agus FCLÓ. Is céim shuntasach í an luath-óige d’fhorbairt an linbh; céim atá bainteach le meonta a chruthú a mbíonn tionchar acu ar fholláine, foghlaim agus forbairt an linbh.
Teastaíonn ó Aistear, agus é mar chreatchuraclam na luath-óige, a chinntiú go dtugtar tacaíocht do na páistí chun a gcruthaitheacht, a n-athléimneacht, a gcomhbhá, agus a neamhspleáchas a fhorbairt agus chun a muinín a thógáil chun dul sa tóir ar a gcumais, a neart agus a suimeanna uathúla. . Leanfar ag leabú na príomhphrionsabail atá mar bhun agus barr lle Aistear sna chéad chéimeanna eile dá n-oideachais, tríd an gCreatchuraclam nua Bunscoile, Creat don tSraith Shóisearach, agus i ndeireadh na dála, sa Chreat don tSraith Shinsearach. Is turas foghlama feadh an tsaoil atá san oideachas agus tá an-áthas orm a bheith ag obair go comhoibritheach leis an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus muid ag tacú le cur i bhfeidhm leanúnach Aistear”.
I measc na gcainteoirí ag an ócáid, bhí: An tOllamh Iram Siraj, Ollscoil Oxford agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad; Arlene Forster, Dr. Sharon Skehill, Dr. Mary Daly agus Lorraine Farrell, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; Dr. Geraldine French agus Dr. Gráinne Mc Kenna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; Shirley Heaney, Coláiste Mhuire gan Smál; agus Máire Uí Mhurchú. Dhírigh ceardlanna a bhí ar bun ar an lá ar réimse ábhar, ina measc bhí, oideolaíocht caidreamhach mall, foghlaim faoin aer, cleachtas ionchuimsitheach, an Ghaeilge, ról an duine fásta agus aistrithe.
Nótaí d’Eagarthóirí
- Grianghraif ón gcomhdháil ar fáil agus eisithe chuig deasca grianghraif ag Gareth Chancey.
- Bhí an comhdháil seo ar siúl in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath an 24 Bealtaine 2025.
- Ba é an tOllamh Iram Siraj, Ollscoil Oxford agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad an príomhchainteoir.
- Foilsíodh Aistear i mí na Nollag 2024, i ndiaidh próiseas lena rinneadh an leagan roimhe sin (2009), a nuashonrú. B’iad an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Óige a bhí i mbun na nuashonraithe, agus obair i gcomhar leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Ionchuimsitheacha agus earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige.
- Seoladh Scileanna a Chothú, an Plean Lucht Oibre don Luathfhoghlaim agus Cúram agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile, i mí na Nollag 2021. Leagann Scileanna a Chothú na pleananna chun próifíl cúramóirí san earnáil a ardú agus chun próifíl ról, conair ghairme, riachtanais cháilíochta, agus meicníochtaí beartais gaolmhara a bhunú, i dteannta le deiseanna forbartha ceannaireachta, agus oibreoidh sé i dtreo foireann atá níos cothroime ó thaobh inscne agus níos éagsúla.
- Eagraítear gealltanais i Scileanna a Chothú faoi chúig “cholún”:
- Creat gairme a bhunú.
- Leibhéil cháilíochta a ardú.
- Córas náisiúnta Forbartha Gairmiúla Leanúnaí a fhorbairt.
- Tacaíocht don earcaíocht, don choinneáil agus don éagsúlacht sa bhfoireann oibre; agus
- Ag bogadh i dtreo rialáil na gairme.