Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Léiriú Spéise chun ballraíocht a ghlacadh de Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais na hÉireann

Tá leagan den phreaseisiúint seo atá éasca le léamh ar fáil anseo.

  • Cinnteoidh an Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais go mbeidh baint ag daoine faoi mhíchumas i mbeartas agus reachtaíocht a fhorbairt.
  • I ndiaidh próisis chun eagraíochtaí a aimsiú chun cistiú a fháil chun cabhrú leis an Líonra a reáchtáil, tá an glao seo á chur ar bun chun daoine ar spéis leo agus atá faoi mhíchumas, Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas (EDManna) agus eagraíochtaí míchumais a aimsiú chun glacadh le ballraíocht den Líonra.
  • Glacfaidh baill páirt sa Líonra a reáchtáil agus beidh baint lárnach acu lena obair chun dearcthaí daoine faoi mhíchumas a bhailiú agus a léiriú agus a chinntiú go n-éistear leis na dearcthaí siúd nuair a bhíonn beartas agus reachtaíocht á bhforbairt.
  • Tasc a bhfuil ar an Líonra tabhairt faoi láithreach is ea comhairliúchán ar Thuarascáil Stáit Tosaigh na hÉireann le Coiste na NA um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Thug an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, an tUasal Anne Rabbitte, T.D., cuireadh inniu do pháirtithe leasmhara chun iarratas a dhéanamh go ndéanfar baill de Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin na hÉireann díobh.

Tar éis gur roghnaíodh eagraíochtaí le cistiú chun cabhrú leis an Líonra a reáchtáil, tá cuireadh á thabhairt anois do dhaoine faoi mhíchumas, OCSanna agus eagraíochtaí ionadaíocha chun glacadh le ballraíocht den Líonra.

Beidh baill ina bpáirt thábhachtach den Líonra agus den tasc atá roimhe - a chinntiú go mbíonn baint ag daoine faoi mhíchumas i mbeartas agus dlí a fhorbairt, ar aon dul le ceanglais Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD).

Tugtar cuireadh do dhaoine faoi mhíchumas agus d’eagraíochtaí ó gach cúlra agus a bhfuil gach saghas taithí acu chun iarratas a dhéanamh go ndéanfar Ball díobh. Cé go bhfuil áiteanna Ballraíochta teoranta, beidh roinnt deiseanna ann go fóill chun páirt a ghlacadh leis an Líonra nuair a chuireann sé tús lena obair.

Tá sonraí breise faoin Líonra, ról Ball agus sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige anseo.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil 11am Dé hAoine, an 27 Samhain 2020.

Dúirt an tAire Rabbitte agus an cuireadh seo do léiriú spéise á fhógairt aige:

“Beidh páirt lárnach ag baill den Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin maidir leis an obair a bhaineann lena chinntiú go n-éistfear go díreach le daoine faoi mhíchumas agus go ndéanfar idirchaidreamh leo go bríoch nuair a bhíonn reachtaíocht agus beartas á gcur le chéile.

“Ó ghlac mé le m’oifig, tá sé ina ríthábhacht dom eispéiris daoine faoi mhíchumas agus an bealach a imríodh tionchar ar a saol a chloisteáil i bpearsan. Baineann ríthábhacht leis an idirchaidreamh sin, agus is féidir leis an taithí saoil seo beartas agus reachtaíocht a mhúnlú ar bhealach fíor, a chinntíonn go nglactar le cur chuige níos ionchuimsithí agus níos comhtháití i leith an bhealaigh a fhorbróimid beartais amach anseo.

“Thabharfainn cuireadh do dhaoine faoi mhíchumas, Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas agus eagraíochtaí míchumais a dhéanann ionadaíocht don réimse fairsing eispéiris mhíchumais in Éirinn chun iarratas a dhéanamh. Cuirfidh an Líonra oiliúint agus tacaíocht ar fáil agus tá súil agam, ach go háirithe, go lorgóidh daoine páirt a ghlacadh a mb’fhéidir gur gnách go mbíonn siad fágtha ar lár uaidh, nó a bhraitheann nár tugadh an deis dóibh, bheith bainteach i ngníomhaíochtaí cosúil leo seo.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

  • Glacadh le Coinbhinsiún na NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas in 2006. Shínigh Éire an Coinbhinsiún in 2007 agus daingníodh an Coinbhinsiún in 2018.
  • Tá Éire lena chéad Tuarascáil Stáit Tosaigh a chur faoi bhráid an Choiste.
  • Baineann ríthábhacht, faoin UNCRPD, le rannpháirtíocht éifeachtach, agus le dul i gcomhairle le, daoine faoi mhíchumas nuair a bhíonn beartas agus reachtaíocht á bhforbairt.
  • Is í an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Mhíchumas (an SNCDM) 2017-2021 an príomhchreat le haghaidh beartais agus gnímh chun dul i ngleic le riachtanais daoine faoi mhíchumas. Is í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an phríomhroinn don straitéis seo.
  • Tá sonraí breise faoin Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais, an próiseas iarratais agus cáipéisí ábhartha san áireamh, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige anseo.
  • Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige Pointe Fócais agus Meicníocht Comhordaithe ainmnithe na hÉireann faoin UNCRPD.
  • Eagraíocht atá san OCS a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas atá dírithe ar a gcearta a chur chun cinn. Caithfidh daoine faoi mhíchumas, go príomha, a bheith sna heagraíochtaí seo agus caithfidh go mbíonn siad á stiúradh acu, den chuid is mó. I gcás daoine atá faoi mhíchumas suntasach intleachta nó faoi bhreis agus míchumas amháin, is féidir le heagraíochtaí teaghlachbhunaithe a bheith iontu a thacaíonn le cearta daonna daoine faoi mhíchumas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat