Rúnaí Cunta, An Rannóg um Beartas Leanaí agus Rialachas Tusla
- Foilsithe: 31 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
Freagracht ag leibhéal an Rúnaí Chúnta maidir le:
- beartas, forbairtí reachtaíochta, caighdeáin oibriúcháin agus feidhmíocht a bhaineann le sochar agus cosaint leanaí, cúram malartach agus cearta leanaí.
- Maoirseacht agus forbairt a dhéanamh Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach; agus Ionad Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh.
- Tacaíocht teaghlaigh agus tuismitheora, tionscnaimh chosanta agus idirghabháil luath, oibriúcháin idirghníomhaireachta agus ceannasaíocht ar nuálaíochtaí leathana chun tacú le torthaí do leanaí, daoine óga, teaghlaigh agus pobail.
- Comhordú ar cheisteanna idirnáisiúnta a bhaineann leis an Roinn agus freagra na hÉireann maidir le Ráthaíocht Leanaí an AE.
- Forbairt agus comhordú ar chur chun feidhme na Creata Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga 2023
Cuimsíonn freagracht ag leibhéal an Rúnaí Chúnta agus an Stiúrthóra:
- spriocanna a bhaint amach atá ábhartha don réimse (mar atá sainaitheanta i Ráiteas Straitéis 2016-2019 na roinne agus na cinn a tháinig/a thagann i gcomharba air) agus obair a bhainistiú ina leith seo
- maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht laethúil ghnó sa réimse seo
- comhairle a chuir ar fáil do bhainistíocht na roinne agus don Aire nó Rialtas maidir le treo straitéiseach, forbairt beartais agus cur i bhfeidhm bheartais an Rialtais go ginearálta
- feidhmíocht foriomlán an réimse a bhainistiú, lena n-áirítear cur chun feidhme Chóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta sa réimse
- bainistíocht ghinearálta na foirne sa réimse
- gnéithe ábhartha an Ráitis Straitéise agus tuarascálacha dul chun cinn gaolmhara a ullmhú chun críocha ceaduithe ag bainistíocht na roinne agus an Aire
- pleanáil straitéiseach le haghaidh an réimse Rúnaí Cúnta/Stiúrthóir de réir spriocanna straitéiseacha an Rannáin agus na roinne
- ag cur le plé le roinn eile, comhlachtaí ionadaíocha (lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta), agus eagraíochtaí leasmhara, chomh maith le plé ag fóraim AE agus idirnáisiúnta maidir le ceisteanna eacnamaíocha agus sóisialta agus forbairtí straitéiseacha
- úsáid chuí acmhainní a chinntiú sa réimse, lena n-áirítear rialachas éifeachtach agus bainistíocht airgeadais agus seirbhísí poiblí cost-éifeachtúla atá ábhartha den réimse a sholáthar, lena n-áirítear na comhlachtaí/gníomhaireachtaí atá ansin
- maoirseacht a dhéanamh ar shannadh sainról ar oifigigh aonair nó grúpaí oifigeach laistigh den réimse
- a chinntiú go bhfuil na córais agus struchtúir chuí á gcothú chun tacú leis an obair sa réimse seo
- na céimeanna cuí a thógáil chun a chinntiú go bhfuil bainistíocht éifeachtacht maidir le riosca sa réimse agus ag cur le rioscaí ar leibhéal corpráide a shainaithint agus a bhainistiú
- a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí an réimse á n-ailíniú agus á gcomhordú leo siúd ag réimsí eile laistigh de Rannán agus idir Rannáin, mar is cuí
- rannpháirtíocht ar MB agus grúpaí bainistíochta inmheánacha eile, lena n-áirítear an Fhoireann Ardbhainistíochta a chuimsíonn gach ball bord Bainistíochta agus POnna/Ceannasaithe Aonaid