Príomhoifigeach, Aonad Bainistíochta Faisnéise
- Foilsithe: 27 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
Tacaíonn Aonad Bainistíochta Faisnéise (IMU) na Roinne le dea-chleachtas, feabhsaíonn sé feasacht foirne, agus leabaíonn sé cur chuige comhsheasmhachta maidir le Bainistíocht Taifead agus Cosaint Sonraí ar fud na Roinne.
Tugann an aonad ceannasaíocht agus tacaíocht do bhainistiú taifead lena n-áirítear taifid fhisiciúla agus úsáid rDhoiciméad agus bíonn i mbun caidrimh leis an leis an Chartlann Náisiúnta.
Áirítear leis an aonad an fheidhm um Chosaint Sonraí a bhfuil tascanna reachtúla sonracha sannta don Oifigeach Cosanta Sonraí (nó DPO) ann freisin. Cuireann sé comhairle ar riosca ar fáil chomh maith le haghaidh aonad gnó, tacaíonn sé le gníomhaíochta comhlíonta na Roinne, leabaíonn sé faisnéis maidir le cosaint sonraí trí oiliúint foirne, glacann sé ceannasaíocht ar Líonra Oifigeach Idirchaidrimh Chosaint Sonraí agus téann sé i mbun teagmhála leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Tháinig an Roinn chun bheith ina rialaitheoir sonraí ar na sonraí pearsanta i gCartlann Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán tar éis lánscor an Choimisiúin Imscrúdúcháin in 2021. Áirítear i measc fheidhmeanna Aonad Bainistíochta Faisnéise, freagracht as stóráil agus bainistiú na Cartlainne agus rochtain a sholáthar trí Rochtain Ábhair agus iarratais SF.