Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Ard-Rúnaí ar an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais

Freagrachtaí an Ard-Rúnaí

Tá na freagrachtaí seo a leanas ar Ard-Rúnaí na roinne faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 (Uimh.27 de 1997):

  • gnáthchúrsaí gnó na roinne a bhainistiú
  • beartais rialtais atá ábhartha don roinn a chur i bhfeidhm
  • comhairle maidir le beartas, ar gach gné taobh istigh de théarmaí tagartha na roinne, a chur ar fáil don Aire
  • Ráitis Straitéise le cur faoi bhráid an Aire, a ullmhú
  • tuairiscí ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Ráitis Straitéise a chur ar fáil don Aire
  • a chinntiú go bhfuil úsáid chuí á baint as acmhainní agus seirbhísí poiblí atá éifeachtúil ó thaobh costas de a sholáthar
  • achoimre a ullmhú ar an gcaoi a sannfar freagrachtaí sonracha ar oifigigh eile sa roinn
  • cúrsaí atá bainteach le ceapacháin, feidhmíocht, disciplín agus dífhostú státseirbhíseach faoi ghrád Phríomhoifigeach nó a iomchuí, a bhainistiú

Tugann Cuid 4(1) d’Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí an chumhacht don Ard-Rúnaí freagracht maidir le feidhmíocht a cuid/a chuid dualgas a shannadh ar oifigigh eile na roinne (nó grád nó gráid an oifigigh). Is ráiteas comhdhlúite amhail mhí na Bealtaine 2018, é an creat athbhreithnithe maidir le gach sannadh faoin Acht ag Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Ní mór aon léirmhíniú ar an doiciméad seo agus na sannacháin anseo istigh, aird mar is cuí a thabhairt ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar dháileadh agus ar chomhlíonadh freagrachtaí ar fud na roinne ó am go ham. Áirítear leis seo práinneacha oibre in áit faoi leith, ailíniú ar ghníomhaíochtaí a chuimsíonn nó atá bainteach le níos mó ná réimse amháin agus comhordú ar fhreagrachtaí roinnte nó gaolmhara. Ba chóir go mbeadh aird chomh maith ar shannadh freagrachtaí maidir le ceapacháin, feidhmíocht, agus disciplín faoi Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956-2005, a dhéanann an Ard-Rúnaí ó am go ham faoi rialacháin aonair.

Léiríonn Cuid 3 den chreatcháipéis seo, sannadh na freagrachta maidir le feidhmíocht feidhmeanna ar gach oifigeach aonair síos go Príomhoifigeach agus é sin san áireamh. Déantar na freagrachtaí sin a shanntar a chuir in iúil ar chóras pleananna gnó Rannáin na roinne chun tosaíochtaí agus spriocanna na roinne, mar atá leagtha amach ina Ráiteas Straitéise a thabhairt le fios. Rachfar i ngleic le sannadh na freagrachtaí maidir le feidhmíocht feidhmeanna ag gach oifigeach aonair nó grád nó gráid an oifigigh, faoi leibhéal Phríomhoifigeach ag leibhéal riaracháin, ar bhunús spriocanna oibre na pearsanra (nó foirne) atá sainaitheanta faoi nó bainteach le pleananna gnó Rannáin na roinne. Cuirtear eolas ar fáil don dara ceann, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear go bliantúil le cos a choinneáil le riachtanais agus tosaíochtaí atá ag athrú, ag Ráiteas Straitéise na roinne agus ag a Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta chomh maith. Cuireann siad bealaí praiticiúla ar fáil chun obair laethúla na roinne a chuir in ord tosaíochta agus a bhainistiú ag leibhéal aonaid, foirne agus aonair.

Cuirfear na hacmhainní cuí agus an tacaíocht infreastruchtúir ar fáil do na hoifigigh a bhfuil freagrachtaí sannta orthu, faoi réir forálacha foriomlána buiséadacha, chun cur ar a gcumas a gcuid oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh.

Leanfar le sannacháin faoi Chuid 4(1) d’Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, a leasú ó am go ham, i scríbhinn ag an Ard-Rúnaí, mar atá sainaitheanta sa chreat doiciméid seo, agus deimhnítear go bhfuil an creat uasdátaithe dá réir sin.

Sealbhóirí