English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

FMS Scéaltaí ó Scoileanna Iar-bhunscoileanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Físeanna

Guth an Mhic Léinn agus Foghlaim

Is scoil chomhoideachasúil í Méanscoil Sheosaimh, An Ros, Contae Bhaile Átha Cliath, atá páirteach sa phlean gnímh DEIS. Ag tarraingt ar bhun-eilimintí fhéinmheastóireacht scoile, tá forbairt déanta ag an scoil ar thionscadal Ghuth an Mhic Léinn chun cur i bhfeidhm phleanáil ghníomhach d’fheabhsúcháin a chur in iúl, a threorú agus a thacú. Cuireann na ceithre ghearrthóg físe thíos tuairimí phríomhoide, oide agus mhic léinn ar an dtionscadal ar fáil. Pléann siad le forbairt fíor-Ghuth an Mhic Léinn, tuairimí mhic léinn ar theagasc agus measúnú agus an bealach a thacaíonn an próiseas FMS le foghlaim mhic léinn agus oide.

Guth an Mhic Léinn agus FMS – Conas a rinneamar an Ceangal

San fhíseán seo tugann príomhoide Mheánscoil Sheosaimh achoimre ar chomhthéacs na scoile. Pléann sí freisin an bhaint atá ag mic léinn sa phróiseas FMS.

Fíor-Ghuth an Mhic Léinn, measúnú agus oibriú le daoine eile

San fhíseán seo pléann an t-oide atá ag éascú tionscadal Ghuth an Mhic Léinn, agus na mic léinn atá páirteach, an taithí atá acu ar fhíor-Ghuth an Mhic Léinn. Pléann na mic léinn freisin na mothúcháin atá acu ar mheasúnú sa mheánscoil agus na mothúcháin atá acu ar oibriú le daoine eile sa rang.

Guth an Mhic Léinn, ag bailiú fianaise… agus foghlaim

Anseo, pléann an t-oide atá ag éascú an tionscadal Ghuth an Mhic Léinn an próiseas bhailiúcháin fianaise. Dírítear freisin aird ar fhiúntas bhailiú fianaise mar chuid d’fhoghlaim mhic léinn agus oidí.

Guth an Mhic Léinn, gníomhartha… agus foghlaim

San fhíseán seo cuirtear meonta oidí agus mic léinn ar ghníomhartha tógtha mar chuid den phróiseas i láthair. Chomh maith le sin, pléitear meonta mhic léinn agus oidí ar mhonatóireacht agus meastóireacht Ghuth an Mhic Léinn. Faoi dheireadh, pléann na mic léinn agus a n-oide na céad chéimeanna eile don tionscadail Ghuth an Mhic Léinn.

Oidí ag labhairt faoi FMS ina scoileanna

St. Colmcilles Community School Knocklyon shares the outcomes of its work on SSE.