Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
- Foilsithe: 17 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
- Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus Maoirseacht ar Chosaint Leanaí
- Doiciméid/Teimpléid Tacaíochta
- Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí
- Teagmháil
Fógra
Fógra Suas Chun Dáta 22 Iúil 2021: Tairseach Tusla
Tá curtha in iúl ag Tusla don Roinn go bhfuil Tairseach Ar Líne Tusla le tuairisiú a dhéanamh maidir le hábhair imní um chosaint leanaí ag feidhmiú arís. Más mian leat teagmháil a dhéanamh go díreach le Tusla le plé a dhéanamh maidir le hábhair imní um chosaint leanaí, is féidir teacht ar na huimhreacha is mó suas chun dáta ag https://www.tusla.ie/get-in-touch/local-area-offices/. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceannoifig Tusla freisin ag (01)771-8500
Is féidir leat Foirm Tuairisce um Chosaint agus Leas Leanaí a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Tusla.
Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
Baineann na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna le gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta agus do bhaill foirne uile na scoile.
Ag tuairisciú chuig TUSLA (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) ag baint úsáid as Tairseach TUSLA
Ó foilsíodh Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna, tá Tairseach slán ar líne forbartha agus curtha i bhfeidhm ag TUSLA le tuairisciú a dhéanamh maidir le hábhair imní um chosaint leanaí. Leis an Tairseach seo anois is féidir leat cóip den tuairisc a cuireadh isteach a phriontáil.
Dá réir sin, nuair atá ábhar imní á thuairisciú chuig TUSLA faoi na Nósanna Imeachta seo, ba chóir Tairseach TUSLA ag Tusla portal
Nuair a chuirtear an tuairisc isteach trí Thairseach TUSLA, ní mór cóip den tuairisc a phriontáil agus a choinneáil i gcomhréir le riachtanais na Nósanna Imeachta.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an tairseach a úsáid ar fáil ar https://www.tusla.ie/children-first/web-portal/
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus Maoirseacht ar Chosaint Leanaí
Ag gach cruinniú den bhord bainistíochta, cuirfidh an príomhoide Tuairisc Mhaoirseachta ar Chosaint Leanaí i láthair ina mbeidh faisnéis faoi na 4 cheannteideal riachtanach.
Má tá aon chás(anna) le tuairisciú faoi aon cheann de na ceannteidil, déanfar cruinniú aghaidh-ar-aghaidh den bhord bainistíochta a thionól chun go bhféadfar an CPOR/TMCL a sholáthar, agus nach dtiocfaidh aon bhall isteach sa chruinniú trí ghlao comhdhála nó ar líne. Ní sholáthrófar an CPOR/TMCL ag aon chruinniú den bhord bainistíochta a thionólfar ar líne nó sa chás go mbeadh gá le glao comhdhála a úsáid chun cruinniú boird a éascú, ach amháin sa chás, ó cuireadh an CPOR/TMCL deiridh ar fáil don bhord, níor tháinig aon chás chun cinn faoi gach ceann de na ceannteidil atá leagtha amach in ailt 9.5 go 9.7 de na nósanna imeachta.
Doiciméid/Teimpléid Tacaíochta
Tá na doiciméid/teimpléid tacaíochta a leanas ar fáil do scoileanna lena n-úsáid chun na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí a chur i bhfeidhm. Tá cuid de na teimpléid sin éigeantach lena n-úsáid agus tá cuid acu roghnach.
Teimpléid Éigeantacha
Ní mór do scoileanna úsáid a bhaint as na teimpléid maidir le Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus Measúnú Riosca.
Tugadh na teimpléid seo suas chun dáta ar an 29ú Márta 2021. Tá Teimpléad Éigeantach 1 agus Teimpléad Éigeantach 2 curtha le chéile anois ionas go mbeidh measúnú riosca san áireamh sa Ráiteas um Chosaint Leanaí atá ina riachtanas reachtaíochta.
Ba chóir do scoileanna na teimpléid suas chun dáta a úsáid nuair atá athbhreithniú á dhéanamh ar a Ráiteas um Chosaint Leanaí. Tá sé tábhachtach nach ndéantar athbhreithniú gach bliain ach go ndéantar é má bhíonn aon athrú ábhair a ndéanann an ráiteas tagairt dó nó má tharlaíonn eachtra shuntasach maidir le cosaint.
Tar éis an t-athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí a chur i gcrích, ba chóir dáta an athbhreithnithe a chur ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí. Tabhair faoi deara le thoil go bhfuil sé seo riachtanach fiú mura ndearnadh aon athrú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí tar éis an athbhreithnithe.
Teimpléid Éigeantacha le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta
Teimpléid Roghnacha agus doiciméid tacaíochta eile
Tá roinnt teimpléad roghnach arna bhforbairt ag an Roinn ar féidir le Scoileanna iad a úsáid:
Ina theannta sin, tá roinnt doiciméad tacaíochta arna bhforbairt ag an Roinn a bhféadfadh scoileanna tagairt a dhéanamh dóibh:
Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí
Teagmháil
Ba cheart ceisteanna ginearálta maidir leis na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017 a sheoladh chuig an Roinn ag childprotection@education.gov.ie
Féach Freisin
- Cosaint Leanaí i Scoilieanna
- Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí
- Clár ar thacaíocht CPD do scoileanna
- Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017
- Aguisín do Thús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí Sábháilteacht ar Líne
- An tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015
- Tusla - Foilseacháin agus Foirmeacha a bhaineann le Tús Áite do Leanaí
- An reachtaíocht is deireanaí a bhaineann le cosaint leanaí