Plean Gníomhaíochta don Oideachas
- Foilsithe: 9 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 18 Iúil 2025
- Creat Pleanála na Roinne Oideachais
- Plean Oideachais 2025
- Tá pleananna Gníomhaíochta roimhe seo ar fáil anseo
Creat Pleanála na Roinne Oideachais
Tá creat pleanála á fheidhmiú ag an Roinn Oideachais a bhfuil sé mar aidhm aige tosaíocht a thabhairt do sheachadadh ár gcuspóirí straitéiseacha agus struchtúir láidre tacaíochta a fhorbairt chun feidhmiú éifeachtach a chinntiú. Tá forbairt ráiteas bliantúil tosaíochtaí, tuairisciú rialta ar dhul chun cinn, meastóireacht agus pleanáil straitéiseach níos fadtéarmaí san áireamh sa chreat seo.
Plean Oideachais 2025
Is plean bliantúil don Roinn Oideachais agus Óige é Plean Oideachais 2025, atá ag teacht leis na gealltanais atá leagtha amach i gClár an Rialtais.
Leagtar amach sa phlean cuimsitheach seo clár oibre suntasach atá le cur i gcríoch ag an roinn le linn 2025. Léiríonn sé tiomantas don chur i bhfeidhm ar fud na hearnála, chun a chinntiú, i gcomhar le comhpháirtithe, gur féidir córas oideachais den scoth a sholáthar a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn go bhfuil deis ag gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach.
Chun a chinntiú go mbeimid in ann dul chun cinn an Phlean Oideachais a thomhas agus go mbeidh sé trédhearcach, tá an Roinn tiomanta tuarascálacha dul chun cinn leathbhliantúla a fhoilsiú.