English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2016
  • An t-eolas is déanaí: 6 Lúnasa 2021

Sheol an chéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas sa bhliain 2016. Is é an aidhm atá leis ná an tseirbhís is fearr san Eoraip a dhéanamh de sheirbhís oideachais agus oiliúna na hÉireann faoin mbliain 2026.

San am i láthair, tá Éire rangaithe i measc na chéad 5 thír san Eoraip i roinnt réimsí tábhachtacha (mar shampla, an litearthacht iar-bhunoideachais, rannpháirtíocht san oideachas tríú leibhéal, agus glacadh ábhair STEM (an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic) san oideachas tríú leibhéal) agus tá sí rangaithe i measc na chéad 10 dtír i réimsí eile (gnóthachtáil oideachasúil, an nuálaíocht, líon íseal luathfhágálaithe scoile).

Is é atá i gceist le bheith ar thús cadhnaíochta an oideachais san Eoraip ná gur ag an tír sin a bheidh an cumas is fearr chun:

  • leas a bhaint as an oideachas chun deireadh a chur le bacainní roimh ghrúpaí atá i mbaol eisiamh
  • eispéireas foghlama a sholáthar de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde
  • foghlaimeoirí de gach aois agus de gach inniúlacht a chumasú páirt a ghlacadh i ndomhan atá ag athrú agus rath a bhaint amach sa domhan sin
  • Éire a chumasú a bheith ina ceannaire ar fud raon leathan réimsí – réimsí eolaíocha, cultúrtha agus fiontair ina measc – agus ar fud na seirbhíse poiblí

Is iad oideachas agus oiliúint atá sármhaith agus nuálach na nithe ar cheart sásamh pearsanta, sochaí chothrom agus náisiún rathúil a bheith bunaithe orthu. Tá siad ríthábhachtach maidir le rath eacnamaíoch a chothú agus maidir le leas a bhaint as an rath sin chun pobal láidir a fhorbairt.


Is iad seo a leanas cúig sprioc an Phlean Gníomhaíochta:

  • feabhas a chur ar an eispéireas foghlama agus ar rath foghlaimeoirí
  • feabhas a chur ar dhul chun cinn foghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil nó ar dhul chun cinn foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
  • cabhrú le soláthraithe seirbhísí oideachais feabhsuithe leanúnacha a bhaint amach
  • naisc níos láidre a fhorbairt idir an t-oideachas agus an pobal mór
  • feabhas a chur ar sheirbhísí náisiúnta pleanála agus tacaíochta
Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2016 - 2019
Sheol an chéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas sa bhliain 2016. Is é an aidhm atá leis ná an tseirbhís is fearr san Eoraip a dhéanamh de sheirbhís oideachais agus oiliúna na hÉireann faoin mbliain 2026.
Amharc amharc

Cuirfear an Plean Gníomhaíochta chun feidhme sa tréimhse 2016-2019, tréimhse a sannfar amlínte agus príomhfhreagrachtaí lena linn. I dtús na bliana 2017 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, foilseoimid Plean Gníomhaíochta nuashonraithe bliantúil don Oideachas ina leagfar amach na gníomhartha breise a bheidh le cur chun feidhme sa bhliain sin. Cuid lárnach den phróiseas fós a bheidh i bhfoilsiú na dtuarascálacha ráithiúla ar an gcur chun feidhme agus a bheidh i gcomhairliúchán leanúnach le geallsealbhóirí agus le comhaltaí den Oireachtas.


Féach Freisin