English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Seirbhísí do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí

Achomharc in aghaidh Eisiamh Buan, Fionraí nó Diúltú

Cliceáil anseochun faisnéis a fháil faoi conas achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 den Acht Oideachais.

Aimsigh Scoil

Áis a ligeann d'úsáideoirí scoil a aimsiú agus eolas agus sonraí faoin scoil sin a fheiceáil, lena n-áirítear tuarascálacha ar chigireachtaí scoile anseo.

Teagasc Baile

Is é cuspóir na Scéime Teagasc Baile seo seirbhís chúiteach oideachais a sholáthar do leanaí nach bhfuil ábalta, ar roinnt cúiseanna amhail tinneas ainsealach, freastal ar scoil

An Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann

Cuirtear An Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)ar fáil chun seirbhís teagaisc sheachtainiúil a sholáthar ina dtagann teagascóir ar cuairt chuig teach páiste réamhscoile a bhfuil deacracht cloisteála air/uirthi nó páiste scoile a bhfuil deacracht cloisteála air/uirthi chun oiliúint TCÉ a thabhairt don pháiste, dá s(h)iblín(í) agus dá t(h)uismitheoir(í)/c(h)aomhnóir(í).

Síceolaí Oideachais (NEPS)

Oibríonn síceolaithe an NEPS le bunscoileanna agus iarbhunscoileanna araon agus tá foghlaim, iompar, forbairt shóisialta agus forbairt mhothúchánach mar chúram orthu. Cliceáil anseo chun faisnéis a fháil.

Deontas Eislóistín Cheantar Iargúlta

Déanannscéim Deontais Chónaithe na gCeantar Iargúltaforáil d’íocaíocht deontas i leith daltaí a bhfuil a ngnátháit chónaithe suite lasmuigh de raon na seirbhísí iompair phoiblí chun scoile a chuireann oideachas oiriúnach dara leibhéal ar fáil saor in aisce.

Iompar Scoile

Tacaíonn anScéim Iompar Scoilea oibríonn Bus Éireann thar ceann an Roinn Oideachais agus Scileanna, iompar chun na scoile agus ar ais do leanaí a bhfuil cónaí orthu i bhfad ón scoil is cóngaraí dóibh.

Soláthar Samhraidh 2020

Soláthar Samhraidh do leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu nó leanaí i scoileanna DEIS.

Teagasc Clóscríofa do Dhaoine Lagamhairc

Bíonn teagasc clóscríofaar fáil do dhaltaí lagamhairc ach moladh a fháil ón Múinteoir Cuartaíochtaí do Dhaoine Lagamhairc.