English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Seirbhísí Párolla d’fhoirne teagaisc, d’fhoirne neamhtheagaisc agus pearsanra scortha

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2025


Deán teagmháil le Rannóg Párolla

Faoi láthair tá rannóg párolla ag déileáil le ceisteanna trí ríomhphost. Tá foirm teagmhála ar fáil ar líne chun déileáil le ceisteanna. Má theastaíonn uait labhairt le duine éigin, fág d’uimhir theagmhála agus cuirifdh ball foirne glaoch ort.

Rannóg Párolla Foirm Teagmhála Leictreonach:

Deán teagmháil le Rannóg Párolla


Duillíní pá

Is rud tábhachtach faoi rún é do dhuilín pá agus ní féidir do phleanáil airgeadais a dhéanamh gan é. I gcás íocaithe a íoctar tuarastal/pinsean leo ar cheann de cheithre phárolla na Roinne Oideachais, faigheann siad a nduillín(í) pá uair sa choicís.

Is féidir duilliní pá a sheachadadh trí dhá mhodh. Go leictreoanch, tríd an mbosca oifige poist digiteach nó tríd an gcóras poist.

Duilín Pá ar Pháipéar

Eisítear duilíní pá ar pháipéar chuig seoladh baile gach íocaí.

Ríomhdhúilín Pá

Tá sé de rogha ag íocaí anois a iarraidh go seachadtar a d(h)uillín pá go leictreonach chuige/chuici. Baintear leas as an mbosca oifige poist digiteach chun an ríomhdhúilín pá a sheachadadh (www.digitalpostbox.ie).

Is réiteach seachadta poist slán é an Bosca Oifige Poist Digiteach a chuirfidh ar chumas daoine a gcuid teachtaireachtaí ón Rialtas (litreacha, teachtaireachtaí agus doiciméid) a fháil trí aon ardán digiteach amháin atá slán sábháilte.

Is féidir rochtain a fháil ar Bhosca Oifige Poist Digiteach ach dul trí shuíomh gréasáin MyGovID MyGovID - Baile. Is MyGovID an t-aon chuntas atá de dhíth ort chun teacht ar sheirbhísí rialtais in Éirinn.

Mura bhfuil cuntas MyGovID agat

Chun clárú le haghaidh cuntas MyGovID dearbhaithe, beidh gá leis na nithe seo a leanas:

  • Cuntas bunúsach MyGovID (cuntas nach dtógann ach 2 nóiméad chun é a chruthú agus nach bhfuil ach ainm agus seoladh ríomhphoist an íocaí ag teastáil chun é sin a dhéanamh. Féadann tú cuntas bunúsach MyGovID a chruthú ag an nasc seo a leanas https://www.mygovid.ie/en-IE/Account/Register
  • Guthán (aon chineál gutháin atá in ann téacsteachtaireachtaí a fháil);
  • Uimhir PSP;
  • Cárta Seirbhísí Poiblí (mura bhfuil ceann ag an íocaí, is féidir leis/léi coinne a shocrú in Oifig INTREO, an Roinn Leasa Shóisialaigh, chun ceann a fháil). Is féidir teacht ar liosta d’oifigí lenár féidir coinní a shocrú ar gov.ie - Cárta Seirbhísí Poiblí (PSC) Ionaid - www.gov.ie

Má tá cuntas MyGovID agat ach níl cuntas MyGovID dearbhaithe agat

Is féidir cuntas dearbhaithe a chruthú ag an nasc seo a leanas https://www.mygovid.ie/en-IE/Account/Register

Má tá cuntas MyGovID agat ach níl Bosca Oifige Poist Digiteach agat

Féadann tú bosca oifige poist digiteach a chruthú ag an nasc seo a leanas, www.digitalpostbox.ie

Má tá Bosca Oifige Poist Digiteach agat

Féadann tú logáil isteach agus agus teacht ar do ríomhdhúilín pá ag an nasc seo a leanas, www.digitalpostbox.ie


Foirmeacha Ceapachán

Tá foirmeacha um cheapachán agus athcheapachán múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanais Speisialta le fáil anseo


Comhfhreagras as Gaeilge

Cliceáil anseo chun pádhuillí agus comhfhreagras as Gaeilge


Rothaíocht chuig an Obair

Baineann an scéim le múinteoirí, le cúntóirí um riachtanais speisialta, le hairígh agus le hoibrithe cúraim leanaí a n-íoctar iad ar phárollaí a fheidhmíonn an Roinn Oideachais mar an pá-mháistir. Sonraí an scéim Rotháiocht chuig Obair


Sochar Breoiteachta

Sochar Tinnis á Éileamh
Amharc amharc

Creidmheas Incriminteach

Féadfar creidmheas incriminteach a bhronnadh ar mhúinteoirí cáilithe bunscoile/iarbhunscoile ar shon seirbhíse ábhartha mhúinteoireachta agus neamh-mhúinteoireachta agus ar chúntóirí riachtanas speisialta cáilithe ar shon a dtaithí ábhartha chun críche dul chun cinn ar an scála tuarastail incrimintigh. Féach: Creidmheas Incriminteach do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta


An Cháin Mhaoine Áitiúil

Féadfar asbhaintí i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil a thógáil ó thuarastal ball foirne ar conradh ar iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Féach An Cháin Mhaoine Áitiúil


OLCS Eochairchód

Baintear úsáid as OLCS na Roinne Oideachais chun scoileanna a chumasú chun taifead a dhéanamh ar gach neamhláithreacht de chuid na foirne agus chun cuir isteach éileamh don ionadaí fostaithe agus do na huaireanta páirtaimseartha le haghaidh iar-bhunscoileanna. Tá tacaíocht agus treoirlínte le fáil anseo.


Múinteoirí Páirtaimseartha

Tá eolais do mhúinteoirí páirtaimseartha, ceapachán PAR/RPT agus CÓNÓ/CNCA ar fáil anseo


Íoc Speansas Taistil le Múinteoirí GAM/EAL (Tacaíocht Foghlama /Teanga) agus le Múinteoirí Acmhainne i mBunscoileanna Aitheanta


Poist Fhreagrachta

Is cuid de struchtúr bainistíochta na scoile iad na poist freagrachta. Is poist iad ina mbíonn ardú céime i gceist agus baineann na teidil Príomhoide, Príomhoide Tánaisteach, Príomhoide Cúnta I agus Príomhoide Cúnta II leo. Tá faisnéis agus foirmeacha anseo


An Scéim um Aisíoc Táillí Múinteoirí

Is é cuspóir na Scéime um Aisíoc Táillí Múinteoirí maoiniú a chur ar fáil do mhúinteoirí i dtreo an chostais a bhaineann le cúrsaí forbartha inghairme agus le táillí scrúdaithe lena mbaineann. Eolas agus foirmeacha iarratais


Scálaí Tuarastail / Tuarastal a Ríomh

Tá eolas do múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, rúnaithe scoile, oifigeach cléireachais, airíoch, agus glantóirí i scoileanna, foirne i BOOanna agus in Institiúidí Teicneolaíochta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire gan Smál, Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha agus Coláiste San Aingeal anseo


Ráitis Tuarastail, Stair Sheirbhíse


Pas Taistil

Baineann an scéim seo le múinteoirí, le cúntóirí riachtanas speisialta, le hoifigigh chléireachais, le hairígh agus le hoibrithe cúraim leanaí a n-íoctar leo ar phárollaí a oibríonn an Roinn Oideachais mar phámháistir.

Sonraí and sceím


Asbhainte Deonacha

Leagtar amach sa cháipéisí seo thíos beartas na Roinne i ndáil le feidhmiú áiseanna Asbhainte Deonacha ag an bhFoinse i ndáil le Múinteoirí, SNAnna, Oifigigh Chléireachais, Feighlithe agus Múinteoirí ar Scor a íoctar ar phárollaí arna fheidhmiú ag an Roinn Oideachis.

Beartas Asbhaintí Deonacha Ag An Bhfoinse
Amharc amharc
Beartas Le Haghaidh Gníomhaireachtaí Ar Mian Leo Asbhaint Deonach Ag An Bhfoinse A Éascú
Amharc amharc

Naisc Úsáideacha


Socrú maidir le Rialaitheoir Comhpháirteach Sonraí

0063/2022
The purpose of this Circular is to confirm the relationship between the Payroll Division of the Department of Education and the managerial authorities of recognised Primary, Secondary, Community and Comprehensive Schools and the Chief Executives of Education and Training Boards (in respect of community national schools only) with regard to processing of personal data of school employees for Human Capital Management (HCM) and payroll purposes for the purposes of Section 79 of the Data Protection Acts 1988 to 2018 and Article 26 of Regulation (EU) 2016/679 (GDPR).
Amharc amharc