Gary Ó Donnchadha
- Foilsithe: 18 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2025

Tá ceannaireacht straitéiseach agus maoirseacht ag an Leas-Phríomhchigire ar thacaíocht mheastóireachta, forbairt na gcóras sonraí, bailiú agus anailís sonraí, beartas sonraí agus bainistíocht sonraí sa Chigireacht, cumarsáid na Cigireachta, ionduchtú agus forbairt ghairmiúil leanúnach, agus próiseas Alt 29. Déanann sé maoirseacht ar rannpháirtíochtaí beartais na hÉireann le Bord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha, i gcomhréir leis an gceannasaí toscaireachta. Tá sé i gceannas ar thacaíocht bheartais fhoriomlán sna réimsí seo a leanas; cruthaitheacht, éagsúlacht agus ionchuimsiú, rochtain agus rannpháirtíocht, curaclam agus measúnú, na luathbhlianta, forbairt ghairmiúil le haghaidh cleachtóirí, múinteoirí agus ceannairí, agus an Ghaeilge agus oideachas trí mheán na Gaeilge.