Yvonne Keating
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2025

Cuireann an Príomhchigire ceannaireacht straitéiseach ar fáil don Chigireacht agus tá sí i gceannas ar bhainistíocht agus soláthar iomlán an chláir bhliantúil agus il-bhliantúil maidir le meastóireacht i suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige, i scoileanna, in ionaid oideachais agus i suíomhanna eile.
Déanann sí ionadaíocht don Chigireacht agus don roinn ar réimse comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.