Ciorclán Díolúintí ón nGaeilge - Iar-bhunscoileanna
- Ó: An Roinn Oideachais
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
Is é cuspóir an Chiorcláin seo é comhairle a thabhairt d’Iar-bhunscoileanna aitheanta faoi na socruithe athbhreithnithe i leith díolúine a dheonú do scoláirí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge. Tagann sé in ionad Ciorclán M10/94 agus in ionad athbhreithniú 2008 ar an gCiorclán sin atá anois arna dtarraingt siar. Baineann na socruithe athbhreithnithe atá leagtha amach sa Chiorclán seo le hiar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla amháin. Beidh feidhm ag díolúintí atá ann cheana ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a deonaíodh faoi Chiorcláin 12/96 agus faoi Chiorclán M10/94 agus atá ag scoláirí go dtí deireadh a gcuid oideachais iarbhunscoile.
Earnáil: Iarbhunoideachas
Údar: Polasaí um Churaclam agus Measúnacht