Saoire Speisialta do mhúinteoirí ar baill dheonacha iad in Eagraíochtaí Cuardaigh agus Tarrthála Saorálacha agus a nglaoitear amach ar Oibríocht Chuardaigh agus Tarrthála iad
- Ó: An Roinn Oideachais agus Óige
- Foilsithe: 9 Eanáir 2019
- Éifeachtach ó: 1 Eanáir 2019
Is é cuspóir an Chiorcláin seo údaráis bhainistíochta agus múinteoirí a chur ar an eolas faoi shocruithe saoire, a d’fhéadfadh a bheith ceadaithe ag fostóirí le héifeacht ó 1 Eanáir 2019. D’fhonn leas a bhaint as saoire faoin gCiorclán seo, ní mór do mhúinteoir a bheith na bhall nó ina ball de cheann de na heagraíochtaí saorálacha cuardaigh agus tarrthála seo a leanas:
- Garda Cósta na hÉireann
- Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála
- Seirbhís Tarrthála Cladaigh Phobail
- Sábháilteacht Uisce na hÉireann
- Cumann Tarrthála Sléibhte na hÉireann
Sector: Bunoideachas, Iarbhunoideachas
Author: Aonad Caidrimh na Foirne Seachtraí