Treoir ar Phróiseas na Sraithe Sóisearaí um Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair
- Ó: An Roinn Oideachais
- Foilsithe: 27 Feabhra 2020
Is cuid thábhachtach den mheasúnú ar fhoghlaim scoláirí sa tSraith Shóisearach iad na Cruinnithe um Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ). Tá an treoir seo eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun cuidiú le scoileanna nuair a bhíonn eagrú agus feidhmiú éifeachtach á dhéanamh acu ar an bpróiseas AFMÁ. Rinneadh an treoir a fhorbairt trí mhionphlé comhoibríoch le hionadaithe eagraíochtaí bainistíochta na scoileanna dara leibhéal, ionadaithe ceardchumainn na múinteoirí dara leibhéal agus oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Earnáil: Iarbhunoideachas
Údar: Polasaí um Churaclam agus Measúnacht