English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar an Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus ar an Athbhreithniú faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 26 Bealtaine 2022
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 26 Bealtaine 2022
  • Dúnadh na haighneachtaí: 21 Meitheamh 2022
  • An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2022

Consultation is closed


Bíodh Deis Labhartha Agat

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais faoi láthair ar an bPlean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus ar na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna.

Is mian linn a chinntiú go bhfuil an Plean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna éifeachtach chun cosc a chur ar an mbulaíocht agus chun dul i ngleic léi i scoileanna.

Mar chuid den obair seo, tá do chuid tuairimí á lorg ag an Roinn maidir le cad ba chóir a dhéanamh chun cosc a chur ar an mbulaíocht agus chun dul i ngleic léi inár scoileanna.

Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn duit chun aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh agus chun ceistneoir 15 nóiméad a chomhlánú mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí.

Ba mhaith linn cloisteáil ó

  • Leanaí
  • Daoine Óga
  • Tuismitheoirí
  • Baill foirne scoile (baill foirne neamhtheagaisc san áireamh)
  • Comhpháirtithe Oideachais
  • Eagraíochtaí
  • Daoine Aonair

Is féidir ceistneoir ar-líne a dhéanamh ag https://dessurveys.education.gov.ie/surveys/Anti-Bullying-Action-2022-Plan-Have-your-say

Is féidir aighnis scríofa a chuir isteach ag https://dessurveys.education.gov.ie/surveys/Written-Submissions-Have-Your-Say


Cur Chuige

Bunaíodh coiste stiúrtha chun an obair seo a mhaoirsiú.

Tá an Coiste Stiúrtha comhdhéanta d’oifigigh shinsearacha ón Roinn Oideachais, lena n-áirítear na Cigirí agus an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, ionadaithe ón gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí - Bunbhrainse, an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iar-bhunoideachais), Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (AIDÉ), an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Ionad Náisiúnta Taighde Frithbhulaíochta in OCBÁC agus saineolaithe seachtracha agus ionadaithe eile ó eagraíochtaí tathanta lena n-áirítear BelongTo, Webwise, Parentline, an Fóram Náisiúnta do Thaistealaithe Mná agus an Ghluaiseacht ar son na Maireachtála Neamhspleáiche.

Déanfaidh an Dr. Noel Purdy, Stiúrthóir an Ionad Taighde ar Thearcghnóthachtáil Oideachasúil (CREU) i gColáiste na hOllscoile, An Sruthán Milis, Co. Aontroma, cathaoirleacht ar an gCoiste Stiúrtha.

Mar seo a leanas na téarmaí tagartha don Choiste Stiúrtha:

• athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha agus an dul chun cinn a rinneadh de réir an Phlean Gnímh ar Mhaistíneacht reatha (a foilsíodh i 2013);

• Plean Gnímh nua a fhorbairt a thógann san áireamh aon tosaíochtaí nua a bhfuil gá ann dul i ngleic leo chun maistíneacht a chosc agus dul i ngleic léi sna scoileanna;

• chun féachaint cén gníomhartha is gá chun freastal ar na tosaíochtaí seo.

Cuirfear san áireamh san athbhreithniú an dul chun cinn mór agus an taighde ábhartha a bhí ann ó gur foilsíodh an Plean Gnímh agus na Gnásanna Frith-Mhaistíneachta i 2013. Pléifear le cibearbhulaíocht, maistíneacht féiniúlachta, agus ciapadh gnéis, i measc rudaí eile.

Pléifear go mion san athbhreithniú freisin na moltaí i dTuarascáil Chomhchoiste an Oireachtais ar Mhaistíneacht Scoile agus an Tionchar aige ar Shláinte Mheabhrach a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.

Déanfar na gnásanna frithbhulaíochta le haghaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a athbhreithniú agus a nuashonrú ag an am céanna leis an obair seo.

Seo a leanas baill an Choiste Stiúrtha:

• Aileen Hickie, POF, Parentline

• Áine Lynch, POF, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile

• Deirde Shanley, Rannóg na Scoileanna, An Roinn Oideachais

• Emer Neville, Uachtarán, Aontas Daltaí Dara-Leibhéal na Éireann

• Emer O’Neill, Gníomhaí Frith-Chiníoch, Múinteoir, Láithreoir

• An tOllamh James O’Higgins-Norman, Stiúrthóir, Lárionad Frith-Mhaistíneachta DCU.

• Jane McGarrigle, Oifigeach Tionscadail, Webwise.

• Judith Lyons, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, An Roinn Oideachais

• Mai Fanning, Uachtarán, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Iarbhunscoile

• Majella O’Dea, An Rannóg um Oideachas Múinteoirí (ITE ⁊ Forbairt Phroifisiúnta), An Roinn Oideachais.

• Maria Bracken, An Rannóg um Oideachas Múinteoirí (Digiteach, Soláthar Múinteoirí), An Roinn Oideachais.

• Maria Joyce, Comhordaitheoir, Fóram Náisiúnta na dTaistealaithe Mná.

• Moninne Griffith, POF, BelongTo.

• Niamh Molloy, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, An Roinn Oideachais

• An Dr. Noel Purdy, Stiúrthóir, Lárionad Taighde i dTearcghnóthachtáil Oideachais (CREU), Coláiste na hOllscoile an tSrutháin Mhilis, Cathaoirleach an Choiste.

• Rebecca Galligan, Cigireacht, An Roinn Oideachais.

• Ronan Kielt, Aonad Polasaí Curaclaim agus Mheasúnaithe, An Roinn Oideachais.

• Sarah Benson, POF, Women’s Aid.

• Seònaid Ó Murchadha, Stiúrthóir, Independent Living Movement Ireland.

• Sharon Eustace, An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, An Roinn Oideachais

• Bridget Wilson, An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta, agus Óige

• Yvonne Keating, Cigireacht, An Roinn Oideachais.

• Zak Moradi, Gníomhaí Frith-Chiníoch


Na Chéad Chéimeanna Eile

Beidh an chéim chomhairliúcháin ar oscailt ón 26 Bealtaine 2022 go dtí an 21 Meitheamh 2022.

Má tá aon fhiosrúchán agat maidir leis an obair seo déan teagmháil le antibullying2022@education.gov.ie

antibullying2022@education.gov.ie