English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Cigireachta Oideachais Luathbhlianta

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 24 Samhain 2021
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 24 Samhain 2021
  • Dúnadh na haighneachtaí: 13 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2022

Consultation is closed


Tabhair do Thuairim ar an Dréacht-Samhail Chigireachta Oideachas Luathbhlianta Breith go 6 Bliana, Athbhreithnithe.

Tá tús curtha ag Cigireacht na Roinne Oideachais le comhairliúchán poiblí ar Shamhail Chigireachta Oideachas Luathbhlianta - Breith go 6 Bliana - Athbhreithnithe.

Chun an suirbhé ar líne, atá ar oscailt dóibh sin uile ar spéis leo tacaíocht agus cur chun cinn forbairt eispéiris oideachais ardcháilíochta luath-óige do leanaí ó bhreith go 6 bliana, a chomhlánú, cliceáil anseo.

Chun an suirbhé ar líne, atá ar oscailt do a chomhlánú, cliceáil anseo.

Beidh an suirbhé ar líne go dtí 25 Feabhra 2022.

Chomh maith leis an suirbhé comhairliúcháin, tá deis ann do pháirtithe leasmhara aiseolas níos mionsonraithe a chur isteach de r-phost chuig EYEInspectorate@education.gov.ie.

Glacfar aiseolas de r-post go dtí 25 Feabhra 2022.


Sheimineár Gréasáin

Chun féachaint ar sheimineár gréasáin a bhí ann le déanaí maidir leis an dréacht-treoir agus an próiseas comhairliúcháin, féach an físeán thíos;


Cúlra

In An Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh, tá tiomantas sainiúil ann chun "caighdeáin a fhorbairt, a fheabhsú agus a fheidhmiú agus córais rialála agus chigireachta a athchóiriú" (leathanach 11). Tá an iomad réimse freagrachta ar an Roinn Oideachais laistigh den phlean feidhmiúcháin lena n-áirítear "… scéim phíolótach ar shíneadh cigireachtaí ina bhfuil an fócas ar oideachas go dtí leanaí faoi bhonn trí bliana" (leathanach 159). Chun an tiomantas seo a chomhlíonadh, tá an Treoir ar Chigireacht Luathbhlianta, arna foilsiú in 2018, á hathbhreithniú.


Cur chuige

Ó Aibreán 2016, tá Cigireacht an Roinne Oideachas ag luacháil cáilíocht soláthar luathoideachais i suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim (ELC) a sholáthraíonn clár Luathfhoghlama agus Cúraim (ECCE) réamhscolaíochta saor in aisce arna mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ).

D'fhonn athbhreithniú cuimsitheach ar an Treoir athbhreithnithe a chinntiú agus chun rannpháirtíocht leanúnach chomhoibritheach le páirtithe leasmhara bainteacha a chinntiú, éascófar sa chéim chomhairliúcháin:

  • triail den treoir athbhreithnithe, le páirtithe leasmhara deonacha, breathnú ar phróisis sa chleachtas
  • bailiú agus anailís ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara
  • glao oscailte poiblí ar aighneachtaí scríofa
  • suirbhé inrochtana do gach úinéir/bainisteoir, cleachtóirí luathbhlianta, páirtithe leasmhara, múinteoirí bunscoile
  • seimineáir chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara

Chomh maith leis an suirbhé comhairliúcháin, tá deis ann do pháirtithe leasmhara aiseolas níos mionsonraithe a chur isteach de r-phost chuig EYEInspectorate@education.gov.ie.

Ghaolmhara