Leathanach gréasáin comhairliúcháin EPSEN
- Foilsithe: 30 Samhain 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 30 Samhain 2022
- dúnadh na haighneachtaí: 7 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 2 Iúil 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Aidhm an chomhairliúcháin phoiblí
- Tuarascáil athbhreithithe agus tuarascáil atá éasca lena léamh de chuid Acht EPSEN 2004
- Tuarascálacha anailíse ar an athbhreithiú ar Acht EPSEN 2004
- Suirbhé EPSEN um Rochtain Éasca
- Suirbhé ar-líne
- Próiseas comhairliúcháin
- Athbhreithniú acht EPSEN
- Téarmaí Tagartha
- Teagmháil
Aidhm an chomhairliúcháin phoiblí
Tá an Roinn Oideachais tar eís athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhFuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (EPSEN) 2004.
Sí aidhm na hathbreithnithe seo ná gealltanas a thabhairt go bhfuil an dlí maidir le soláthar oideachais do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sásúil. Tá seo tábhachtach chun leasa na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a dteaghlach a chosaint, agus chun cinntiú go bhfuil an Stát in ann pleanáil d’oideachas cuí do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tuarascáil athbhreithithe agus tuarascáil atá éasca lena léamh de chuid Acht EPSEN 2004
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhFuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (EPSEN) 2004, ina leagtar amach príomhchinntí agus príomh-mholtaí. Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar an tuarascáil ag an nasc seo:
Tá leagan atá Éasca lena Léamh den tuarascáil, chomh maith le leagan atá Éasca lena Léamh de na moltaí, ar fáil freisin ag na naisc seo a leanas:
Tuarascálacha anailíse ar an athbhreithiú ar Acht EPSEN 2004
Tá tuarascálacha anailíse ar shuirbhéanna a chuir bonn eolais faoi fhorbairt na tuarascála ar fáil ag na naisc seo a leanas:
Tuarascáil ar an anailís ar cheisteanna struchtúrtha ó shuirbhé ar líne
Tuarascáil ar an Anailís ar an Suirbhé a bhFuil Fáil Air go hÉasca
Tá tuarascálacha anailíse ar fhócasghrúpaí ar fáil ag na naisc seo a leanas:
Tuarascáil ar thaighde an fhócasghrúpa chun cuidiú san athbhreithniú ar Acht EPSEN 2004
Tuarascáil fhócasghrúpaí na scoileanna lán-Ghaeilge
Tá an tuarascáil acadúil athbhreithnithe ar fáil ag an nasc seo a leanas:
Suirbhé EPSEN um Rochtain Éasca
Tá suirbhé um Rochtain Éasca de chuid EPSEN dúnta anois.
Suirbhé ar-líne
Tá an suirbhé ar-líne dúnta.
Próiseas comhairliúcháin
Is cuid amháin den bpróiseas pleanáilte comhairliúcháin an suirbhé ar-líne. Beidh an próiseas comhairliúcháin fadréimseach, ionas go n-áirítear réimse leathan taithí uathu siúd atá faoi thionchar na reachtaíochta seo.
Tá iarracht mhór á dhéanamh ag an Roinn dul i mbun comhairliúcháin le daltaí atá riachtanais speisialta oideachais acu agus a gcuid dteaghlaigh, idir dhaltaí reatha agus iardhaltaí a bhí i mbun oideachais le linn tréimhse feidhme an achta.
Lorgaítear chomh maith tuairimí saineolaithe, ina measc iad siúd atá ag obair in earnáil an oideachais agus iad siúd a thacaíonn le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Athbhreithniú acht EPSEN
Forálann an t-acht um oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu 2004 (EPSEN) go mbeidh oideachas ar fail do pháistí faoi bun 18 bliana d’aois a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá an Rialtas tiomanta go bhfaigheann gach paiste oideachas chun a gcumas a bhaint amach. Chuige sin, tá infheistiú suntasach déanta ag an Stát i réimse tacaíochta do na páistí seo. Mar aon leis seo, tá creatlach cuimsitheach reachtaíochta curtha i bhfeidhm ag an Stát chun cearta oideachasúla na bpáistí seo agus a dteaghlach a chosaint.
Sí aidhm na hathbreithnithe seo ná gealltanas a thabhairt go bhfuil an dlí maidir le soláthar oideachais do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sásúil. Tá seo tábhachtach chun leasa na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a dteaghlach a chosaint, agus chun cinntiú go bhfuil an Stát in ann pleanáil d’oideachas cuí do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá Grúpa Stiúrtha, Grúpa Oibre agus Grúpa Comhairliúcháin i bhfeighil ar an bpróiseas athbhreithnithe seo. Is féidir sonraí ballraíochta a fheiceáil thíos.
Téarmaí Tagartha
Tá Téarmaí Tagartha an ghrúpa stiúrtha ar fáil anseo
Tá ról an ghrúpa chomhairligh ar fáil anseo
Tá Téarmaí Tagartha an ghrúpa oibre ar fáil anseo
Teagmháil
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an gcomhairliúchán seo, téigh i dteagmháil le epsen@education.gov.ie