Próiseas comhairliúcháin chun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 27 Deireadh Fómhair 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 30 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Consultation is closed
An próiseas comhairliúcháin poiblí
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Iúil 2023 reáchtáil an Roinn Oideachais próiseas comhairliúcháin phoiblí, ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara, chun eolas a sholáthar d’fhonn polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Tugadh cuireadh do bhaill an phobail agus do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine óga, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí/oideoirí luathbhlianta, ceannairí scoile, baill bhoird bhainistíochta scoileanna, eagraíochtaí bainistíochta scoileanna, páirtithe leasmhara oideachais agus páirtithe leasmhara na Gaeilge, a n-ionchur a bheith acu ar an topaic thábhachtach seo.
Bhí trí thréimhse idirghaolmhara i gceist sa chomhairliúchán:
- Tréimhse 1: Comhairliúchán ar-líne – ceistneoirí agus aighneachtaí scríofa
- Tréimhse 2: Grúpaí fócais le daltaí bunscoile, scoláirí iar-bhunscoile agus le tuismitheoirí/caomhnóirí, oideoirí agus páirtithe leasmhara eile
- Tréimhse 3: Cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara.
Beidh na léargais agus an t-eolas ar phríomhcheisteanna a bailíodh le linn an phróisis seo mar fhoinse luachmhar chun treoir a thabhairt agus an polasaí á fhorbairt.
Príomhchuspóirí an pholasaí nua
Aithneofar aicsin sa pholasaí nua ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun na príomhchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
- creat a sholáthar chun oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige (mar shampla, naíonraí) lasmuigh den Ghaeltacht
- an líon leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, lena n-áirítear tógáil ar an mbunchloch a leagtar síos i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige lán-Ghaeilge (mar shampla, naíonraí)
- iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna chun bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta
- polasaí soiléir a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna trí mheán na Gaeilge in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú
- iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir an soláthar múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a mhéadú chun freastal ar an éileamh i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge
- féachaint ar bhealaí le rannpháirtíocht an phobail i scoileanna agus suíomhanna foghlama agus cúraim lán-Ghaeilge a threisiú
Coiste Stiúrtha
Tá Coiste Stiúrtha bunaithe ag an Roinn Oideachais Coiste Stiúrtha chun maoirseacht a dhéanamh agus treoir a thabhairt maidir le forbairt an pholasaí.
Tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Foilsíodh tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar fhoinse tagartha tábhachtach don phróiseas comhairliúcháin agus d’fhorbairt an pholasaí.
Tuarascálacha ilchodacha ar chigireachta i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais dhá thuarascáil ilchodacha ar thorthaí cigireachta ar chaighdeán an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in earrach 2021. Clúdaíonn na tuarascálacha an tréimhse 2017 go 2020. Tugann na tuarascálacha seo léargas ar chleachtas i scoileanna lán-Ghaeilge, a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar spéise dóibh siúd atá rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí.
Athbhreithniú ar thaighde ar an oideachas trí theangacha mionlacha
Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais Sealbhú, an lárionad taighde in DCU, chun athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde ar an oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar an oideachas trí theangacha mionlacha eile le bheith mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí. Cuimsíonn an tuairisc torthaí an taighde maidir le cleachtas éifeachtach i ndeich ndlínse éagsúla ina gcuirtear oideachas ar fáil trí theangacha mionlacha.
Tuairiscí ar an gcomhairliúchán
Léiríodh leibhéal suntasach spéise sa chomhairliúchán poiblí. Comhlánaíodh líon ard ceistneoirí, fuarthas aighneachtaí scríofa ó réimse leathan páirtithe leasmhara, agus bhí leibhéal ard rannpháirtíochta sna fócasghrúpaí éagsúla. De bharr líon ard na bhfreagraí a fuarthas, coimisiúnaíodh Sealbhú chun anailís a dhéanamh ar na príomhcheisteanna a d'eascair as an gcomhairliúchán. Iarradh ar na taighdeoirí na príomhthreochtaí agus na príomhthéamaí a aithint, agus achoimre a dhéanamh ar an raon tuairimí, dearcthaí agus moltaí a roinneadh leis an Roinn tríd an gcomhairliúchán poiblí. Chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas, agus de réir an ghealltanais maidir le sonraí a roinnt, tá na tuarascálacha sin á bhfoilsiú anseo.
Agus an polasaí nua á fhorbairt, bainfidh an Roinn leas as na tuarascálacha seo, chomh maith leis an eolas a roinn na páirtithe leasmhara i gcruinnithe déthaobhacha. Breithneofar an t-eolas seo i bhfianaise an tsoláthair reatha don oideachas lán-Ghaeilge agus réamh-mheastacháin ar éileamh don chóras oideachais, chomh maith le comhthéacs buiséadach agus reachtaíochta na Roinne. Cé nach mbeifear in ann na moltaí go léir sna tuarascálacha a chuimsiú sa pholasaí deiridh, cuirfear san áireamh iad agus beidh siad mar bhonn eolais don Roinn i bhforbairt an pholasaí.
Cad a dhéanann muid le do chuid eolais?
Pléifear le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear chuig an Roinn i gcomhréir dhlúth leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Is féidir teacht ar Pholasaí um Chosaint Sonraí na Roinne anseo. Is féidir teacht ar an bhFógra Príobháideachta anseo .
Sonraí teagmhála
Má tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas comhairliúcháin ag teastáil, nó faoi fhorbairt an pholasaí, déan teagmháil ar ríomhphost le POLG@education.gov.ie nó ar an nguthán ar (01) 889 6408.