English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Straitéis Dhigiteach do Scoileanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 14 Aibreán 2021
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Aibreán 2021
  • Dúnadh na haighneachtaí: 18 Meitheamh 2021
  • An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2022

Consultation is closed


Creat Comhairliúcháin um Straitéis Dhigiteach do Scoileanna

Rachaidh an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 reatha as feidhm ag deireadh an scoilbhliana 2020/2021 agus tá tús curtha anois le forbairt na straitéise nua. Tógfaidh an straitéis nua ar an gceann atá ann cheana ach cuirfear san áireamh inti an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a leabú i dteagasc, i bhfoghlaim agus i measúnú, forbairtí nua i dteicneolaíochtaí digiteacha mar aon le haon tosaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn.


Cur Chuige

Ar mhaithe le hathbhreithniú cuimsitheach ar an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 atá ann cheana a chinntiú, chun bonn eolais a chruthú d’fhorbairt na straitéise nua, tá gá le creat comhairliúcháin fairsing agus uilechuimsitheach chun próiseas comhairliúcháin bríoch agus éifeachtach a dheimhniú. Tá an cur chuige seo a leanas molta sa Chreat Comhairliúcháin nua um Straitéis Dhigiteach do Scoileanna chun freastal air sin:

1. Glao poiblí ar aighneachtaí i scríbhinn

2. Ceistneoir digiteach sorochtana do gach múinteoir, príomhoide agus dalta

3. Fócasghrúpaí ar théamaí ar leith leis na príomhpháirtithe leasmhara (m.sh. do chomhpháirtithe oideachais, earnáil na tionsclaíochta, daltaí, tuismitheoirí)

4. Grúpa Comhairleach lárnach a bhunú, ar a mbeidh comhlachtaí bainistíochta, ceardchumainn, comhlachtaí ionadaíocha tuismitheoirí agus ionadaithe ó earnáil na tionsclaíochta. Beidh cruinnithe ar bhonn rialta ag an nGrúpa Comhairleach le príomhpháirtithe leasmhara a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ag brath ar na téamaí a bheidh le plé.

5. Déthaobhacha le Ranna agus le Gníomhaireachtaí eile, lena n-áirítear Tuaisceart na hÉireann, an AE agus an Ríocht Aontaithe.

Féadfar freisin aon cheisteanna maidir leis an teimpléad seo nó aon ghné eile d’fhorbairt na straitéise digití nua a chur in iúl ag DSSP2021@education.gov.ie

toradh an chomhairliúcháin

Tá an próiseas chomhairliúcháin seo a leanas dúnta anois:

  • glao poiblí ar aighneachtaí i scríbhinn:
  • ceistneoirí

Is mian linn buíochas a ghlacadh leo siúd go léir a ghlac páirt sa phróiseas as a gcuid aiseolais.

Féadfar freisin aon cheisteanna d’fhorbairt na straitéise digití nua a chur in iúl ag DSSP2021@education.gov.ie