Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach
- Foilsithe: 17 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2025
Cuspóir
Tá an Roinn Oideachais ag forbairt Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh.
Chun bonn eolais a chur faoin straitéis sin, tá críoch curtha anois le Céim 1 de phróiseas comhairliúchán forleathan. Tugadh cuireadh do na daoine go léir ón bpobal a raibh suim acu ann páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne. Chuir an Roinn fáilte ar leith roimh thuairimí scoláirí agus tuismitheoirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach agus ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach i gcoitinne.
Tá Céim 2 den phróiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair. Tá comhairliúcháin níos spriocdhírithe leis na príomhpháirtithe leasmhara i gceist leis sin.
Suirbhé ar líne
Tá an suirbhé sin dúnta anois. Míle buíochas leis an 424 rannpháirtí as an am a ghlacadh chun bhur dtuairimí a roinnt linn. Tá an-áthas orainn go bhfuaireamar freagraí ó phobail uile an lucht siúil agus na Romach agus ón gcóras oideachais ina iomláine. Tá an-áthas orainn gur léirigh an-chuid de na freagróirí freisin go raibh siad toilteanach go ndéanfaí teagmháil leo i gcomhair tuilleadh comhairliúcháin.
Próiseas comhairliúcháin
Rinne an Roinn Oideachais sraith de chomhairliúcháin spriocdhírithe a reáchtáil nuair a bhí SOLSR á fhorbairt.
Tá sé mar aidhm acu sin tuairimí réimse de pháirtithe leasmhara a fháil maidir le bealaí chun eispéireas oideachais agus torthaí oideachais leanaí agus daoine óga de chuid an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú.
Tá na comhairliúcháin spriocdhírithe á gcur i gcrích ag an Roinn faoi thrí cinn de shnáitheanna: an córas oideachais, teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach; agus leanaí agus daoine óga an Lucht Siúil agus na Romach.
Is féidir breathnú ar na cuir i láthair ónár n-imeachtaí comhairliúcháin pobail scoile a reáchtáladh an 11 Nollaig in Ionad Oideachais Laoise thíos:
- Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh - Comhairliúchán na mBunscoileanna
- Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh Comhairliúchán na nIar-Bhunscoileanna
Maidir le heolas ar bith faoi na himeachtaí comhairliúcháin seo, déan teagmháil le TRES@education.gov.ie.
Eolas cúlra
Tá gealltanas sa Chlár Rialtais “Leanúint ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta um Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas agus é a leathnú agus Straitéis Náisiúnta Oideachais don Lucht Siúil a fhorbairt, lena n-áirítear plean chun rochtain ar an ardoideachas a fheabhsú do Phobal an Lucht Siúil.
Féadfar tuilleadh a léamh faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach (SNITR) Item was unpublished or removed
Is straitéis tras-rannach atá ansin ina nglactar cur chuige rialtais uile maidir le saol an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú ar bhealaí praiticiúla agus inbhraite.
I measc na n-aidhmeanna atá ag SNITR tá comhionannas i dtorthaí oideachais a bhaint amach, tacú le pobal scoile atá ionchuimsitheach agus cultúr dearfach a chur chun cinn ina léirítear meas ar fhéiniúlacht chultúrtha an Lucht Siúil agus na Romach san oideachas agus ina ndéantar í a chosaint.
Nuair a bheidh an Straitéis nua Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh críochnaithe, cuirfidh sí leis an obair atá á déanamh ag an Straitéis um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach (SNITR).
I dtreo Straitéis nua Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach
Tá an Roinn Oideachais ag obair chun forbairt a dhéanamh ar an straitéis. San áireamh san obair sin beidh:
- Taighde agus fianaise a bhailiú;
- Comhairliúcháin a phleanáil, lena n-áirítear conas rannpháirtíocht fhónta leanaí agus daoine óga i bhforbairt na straitéise a chinntiú;
- Dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go léir, trí shuirbhéanna, ceistneoirí, fócasghrúpaí / ceardlanna agus bealaí eile;
- Ráiteas straitéise a fhorbairt, ina gcuimseofar plean forfheidhmithe spriocdhírithe ina leagtar amach na bearta is gá a dhéanamh chun an fhís a bhaint amach;
- Bearta agus táscairí ratha a shainaithint, lena n-áirítear spriocanna cuí.
Straitéis Oideachais an Lucht Siúil agus na Romach 2024-2030
Tá an-áthas ar an Roinn Oideachais an Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus na Romach nua a fhoilsiú, a forbraíodh i ndlúth-chomhoibriú leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. (RBATNE). Clúdaíonn an straitéis chuimsitheach seo an tréimhse go dtí 2030 agus leagtar amach cur chuige straitéiseach an Rialtais d’Oideachas an Lucht Siúil agus na Romach, agus é mar aidhm aici eispéireas agus torthaí oideachais an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú ar fud an chórais oideachais ar fad.
Tá an straitéis iomlán agus an chéad cheann de thrí Phlean Feidhmithe agus Gníomhaíochta dhá bhliain ar fáil ag na naisc seo a leanas: