Údarás Bainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa
- Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Deireadh Fómhair 2019

Cé Sinn
Is é an ról atá ag Aonad Chiste Sóisialta na hEorpa - Polasaí agus Feidhmiú ná gach ní a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa in Éirinn a mhaoirsiú agus seasamh na hÉireann a chur in iúl ag leibhéal na hEorpa. Go sainiúil, tá freagracht air as cláir a fhorbairt, as monatóireacht leanúnach agus cur i bhfeidhm na gclár, agus as bainistiú airgeadais a dhéanamh go fónta, éifeachtach ar ghníomhaíochtaí uile Chiste Sóisialta na hEorpa in Éirinn.
Seachadtar an Ciste tríd an gClár Infhostaitheacht, Cuimsiú & Foghlaim 2014-2020, atá ina chomharba ar an gClár Oibríochtúil um Infheistíocht Caipitil Dhaonna 2007-2013 agus is é an t-aon Chlár amháin de chuid Chiste Sóisialta na hEorpa in Éirinn é don tréimhse sin.
De réir na dtosaíochtaí infheistíochta atá leagtha amach i Rialachán Chiste Sóisialta na hEorpa, baineann na príomhréimsí a roghnaíodh do Chiste Sóisialta na hEorpa in Éirinn le daoine dífhostaithe a ghníomhachtú, leis an gcuimsiú sóisialta agus cuimsiú sa mhargadh saothair, agus leis an oideachas agus an dífhostú i measc na hóige. Áirítear buiséad iomlán de €1.157 billiún sa Chlár Infhostaitheacht, Cuimsiú & Foghlaim. Soláthróidh Ciste Sóisialta na hEorpa €544.5 milliún, soláthróidh buiséad Thionscnamh Fhostaíocht don Aos Óg an AE €68.145 milliún agus soláthróidh an Státchiste €544.5 milliún.
Cad a dhéanaimid
Tá freagracht ar Aonad Chiste Sóisialta na hEorpa as bainistiú éifeachtach agus feidhmiú an chláir, atá comhdhéanta de bhreis is 20 gníomhaíocht arna gcur i bhfeidhm ag Comhlachtaí Idirmheánacha éagsúla atá comhdhéanta de ranna rialtais agus gníomhaireachtaí. Bíodh is go bhfuil freagracht fhoriomlán ar Aonad Chiste Sóisialta na hEorpa as an gCiste a riaradh, déantar cinntí aonair maidir le cistiú ag leibhéal na gComhlachtaí Idirmheánacha agus ag leibhéil níos ísle ná sin.
Tá Aonad Chiste Sóisialta na hEorpa roinnte in dhá aonad leithleach: Údarás Bainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa, Údarás Deimhníochta Chiste Sóisialta na hEorpa.
Ról an Údaráis Bhainistíochta
- freagrach as a chinntiú go ndéantar bainistiú ceart airgeadais ar Chiste Sóisialta na hEorpa laistigh de na cláir;
- freagracht dhíreach as éilimh Chaiteachais maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa a dheimhniú agus/nó a bhailíochtú agus as iad a chur ar aghaidh chuig Údarás Deimhníochta Chiste Sóisialta na hEorpa lena n-íoc;
- freagrach as deimhin a dhéanamh de go bhfuil na seiceálacha fíoraithe is cuí á gcur i gcrích;
- tacaíocht riaracháin a chur ar fáil do Choiste Monatóireachta an Chláir Oibríochta;
- tuarascálacha Feidhmithe bliantúla agus deireanacha faoi ghníomhaíochtaí an Chláir a leagadh síos agus, tar éis dóibh a bheith faofa ag an gCoiste Monatóireachta, iad a chur faoi bhráid Choimisiún na hEorpa.
Ról an Údaráis Deimhníochta
- iarratais ar íocaíocht a leagadh amach agus a chur faoi bhráid Choimisiún na hEorpa, agus deimhniú a thabhairt go dtagann siad as córais iontaofa cuntasaíochta agus go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe;
- na cuntais a leagadh amach de réir Rialachán Airgeadais 966/2012;
- iomláine agus cruinneas na gcuntas a dheimhniú agus a dheimhniú go bhfuil an caiteachas atá iontráilte sna cuntais ag géilleadh don dlí is infheidhme;
- aird a thabhairt, nuair a bhítear ag leagadh amach na n-iarratas ar íocaíocht agus á gcur faoi bhráid, ar thorthaí na n-iniúchtaí go léir a chuir an t-údarás iniúchta i gcrích nó a cuireadh i gcrích faoina gcoimirce;
- deimhniú go mbíonn córas ríomhairithe ann a thaifeadann agus a stórálann taifid chuntasaíochta gach aon oibríochta lena dtacaítear le cur faoi bhráid iarratas ar íocaíocht, agus an córas céanna a chothabháil.
Tá doiciméad an Chlár Infhostaitheacht, Cuimsiú & Foghlaim 2014-2020 le fáil lena amharc ar an suíomh idirlín www.esf.ie mar aon le faisnéis eile a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa mar a fheidhmítear in Éirinn é.
Teagmháil
European Social Fund (ESF) Policy and Operations Unit
- Seoladh:
- Department of Education and Skills, Marlborough Street,, Dublin, D01 RC96
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 2003