An Fóram Oideachais Bunscoile
- Foilsithe: 4 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 23 Meitheamh 2025
Cé sinn
An Fóram Oideachais Bunscoile
Cad a dhéanaimid
Tacaíonn an Fóram le hathrú a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta in earnáil na bunscoile agus déantar faisnéis a mhalartú ar chuspóir agus ar thionchair na ngníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas d’fhonn sineirgí agus deiseanna a fhiosrú do scoileanna chun cur i bhfeidhm a shruthlíniú agus dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le hualach oibre.
An fráma ama ina bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an grúpa a chuid oibre i gcrích: Leanúnach
Téarmaí Tagartha
- Malartú faisnéise a éascú idir an Roinn, gníomhaireachtaí, múinteoirí, ceannairí scoile agus bainisteoirí.
- Tacú le hathrú a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta in earnáil na bunscoile chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le hualach oibre – go háirithe do cheannairí scoile, do bhainistíocht scoile agus do mhúinteoirí.
- Léargais agus comhairle a sholáthar don Roinn ar thionchar agus ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta, agus tionscnaimh athraithe eile atá á gcur i bhfeidhm ag gníomhaireachtaí eile laistigh agus lasmuigh den earnáil oideachais.
- Comhairle a sholáthar ar fhorbairt agus scaipeadh teachtaireachtaí cumarsáide chuig scoileanna agus an córas oideachais faoin gclár gníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta agus faoina gcur i bhfeidhm. *D’fhéadfadh go mbeadh féilire gníomhaíochta bainteach leis an bPlean Gníomhaíochta mar chuid de seo.
Sineirgí féideartha a aithint agus iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí inar féidir na tacaí atá ar fáil a úsáid.
Ballraíocht
Tómas Ó Ruairc | Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige |
Sinead O Frighil | Príomhoifigeach Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige |
Seamus Mulconry | Ard-Rúnaí, Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA) |
Susan Ellis | Ard-Rúnaí Cunta, Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA) |
Dr Ken Fennelly | Rúnaí don Bhord Oideachais & Oifigeach Oideachais (Poblacht na hÉireann), Bord Oideachais Eaglais na hÉireann |
Sarah Richards | Comhairle Oideachais, Bord Oideachais Eaglais na hÉireann |
Bláthnaid Ní Ghréachain | Príomhfheidhmeannach, Gaeloideachas |
Eileen O’Rourke | Ard-Rúnaí, Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta in Oideachas Speisialta (NABMSE) |
Patricia Harrington | Cathaoirleach, Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta in Oideachas Speisialta (NABMSE) |
Caoimhín Ó hEaghra | Ard-Rúnaí, An Foras Pátrúnachta |
Tomás Ó Póil | Bainisteoir Oiliúna, An Foras Pátrúnachta |
Emer Nowlan | Príomhfheidhmeannach, Oideachas le Chéile |
Jennifer Buttner | Oifigeach Tacaíochta agus Forbartha Scoile , Educate Together |
Fardus Sultan | Ball an Bhoird, Bord Oideachais na mBunscoileanna Moslamach |
Asiya Al Tawash | Cathaoirleach, Bord Oideachais na mBunscoileanna Moslamach |
Séamus Conboy | Stiúrthóir Scoileanna (Scoileanna Náisiúnta Pobail & Pátrúnacht), Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI) |
Paddy Lavelle | Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI) |
Deirdre O'Connor | Cisteoir Ginearálta, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) |
Anne Horan | Uachtarán, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) |
Annraoi Cheevers | Coiste na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí -Ceantar 12, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) |
Pairic Clerkin | Príomhfheidhmeannach, Líonra Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) |
Brian O'Doherty | Uachtarán, Líonra Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) |
Áine Lynch | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Bunscoile (NPC-P) |
Andy Pike | Ceann Rannóige-Oideachas, Fórsa |
Noreen O'Mahoney | Cathaoirleach-Feidhmeannas na Rannóige Oideachais, Fórsa |
- = Oifigeach Poiblí Ainmnithe (OPA)
Cáipéisí na gCruinnithe
Teagmháil
Lorcán Kelly
- Seoladh:
- Department of Education and Youth, Marlborough Street, Dublin 1, DUBLIN, D01 RC96
- Ríomhphost: