An Rannóg Idirnáisiúnta
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2021
Ionadaíonn an Rannóg Idirnáisiúnta leas na Roinne i bpáirt a ghlacadh i bhfoirmiú Bheartas an AE in oideachas agus oiliúint agus tionchar a imirt air. Cinntíonn siad go n-ionadaítear Éire go hoiriúnach ar Chomhairle an AE, ar Chomhairle na nAirí Oideachais, ar Choimisiún an AE, ar an ECFE, ar Chomhairle na hEorpa agus ar an EOECNA. Tá freagracht acu as forbairt agus comhordú beartais i gcur chun tosaigh na hÉireann mar ionad oideachais idirnáisiúnta.
Déanann an Rannóg um Chomhoibriú Thuaidh/Theas comhordú agus forbairt ar an gcomhoibriú agus ar an gcomhbheart san oideachas idir an dá chuid d'Éirinn mar oileán, i gcomhar le hinstitiúidí cuí i SAM agus san AE agus i gcomhthéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is í príomhfheidhm na Rannóige ná an comhoibriú seo a thabhairt ar aghaidh tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Féach Freisin www.northsouthministerialcouncil.org
Cad a dhéanaimid
An Rannóg Idirnáisiúnta
- cur chun cinn an diminsin Eorpaigh in oideachas agus páirt a ghlacadh i bhfeabhsú na cáilíochta oideachais trí rannpháirtíocht i gcláir oideachais maoinithe ag an AE a chur chun cinn
- monatóireacht ar chur i bhfeidhm Chláir an AE ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a bhfuil baint acu leo
- ag cinntiú an mhalartaithe faisnéise ar chórais oideachais an AE agus tíortha eile trí chuairteanna staidéir agus trí chuairteanna toscaireachta eachtraí go hÉirinn agus trí chláir ar nós Arion, an Láraonaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna, an Líonra Faisnéise Oideachais sa Chomhphobal Eorpach agus an chomórtais ‘An Eoraip ar Scoil’
- bainistíocht ar roinnt scéimeanna Scoláireachta, Scoileanna Samhraidh, malartuithe saineolaithe gairmiúla agus oideachasúla a thagann as comhaontuithe déthaobhaigh cultúrtha agus oideachasúla
- comhordú cur chuige náisiúnta na hÉireann ar shaincheisteanna EOECNA
- riarachán socruithe iasachta do Mhúinteoirí Éireannacha a oibríonn i scoileanna Eorpacha
- cur chun cinn comhordaithe éifeachtaigh bhaint na Roinne le gníomhaíochtaí Oideachais na ECFE laistigh den Roinn
- ag cinntiú go n-ionadaítear Éire go cuí sna réimsí oideachais a chuimsíonn Comhairle na hEorpa
- forbairt beartais agus comhordaithe i gcur chun cinn na hÉireann mar ionad barr feabhais san oideachas, lena n-áirítear an fhorbairt nasc le tíortha eochair-chomhpháirtithe.
An Rannóg um Chomhoibriú Thuaidh/Theas
- comhthadhall leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, le Comhrúnaireacht na *comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus le Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann chun cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a reáchtáil agus a bhainistiú
- comhthadhall leis an Roinn Oideachais agus leis an Roinn Fostaíochta agus Foghlama i dTuaisceart Éireann maidir le cúrsaí oideachais a bhaineann lena gcomhleas.
- tionscnaimh comhoibritheacha a fhorbairt idir SAM agus Éire, Tuaisceart agus Deisceart, ina measc Clár Scoláireachta George Mitchell agus Clár Washington Ireland. Féach Freisin www.us-irelandalliance.org
- maoniú a sholáthar do raon clár oideachasúil Thuaidh/Theas.
Teagmháil
International Co-operation Unit
- Seoladh:
- Department of Education, International Co-operation Unit, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
North/South Co-Operation
- Seoladh:
- Department of Education, North/South Co-Operation, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96