An tAonad Caidrimh na Foirne Seachtraí
- Foilsithe: 18 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2021
Déanann Aonad Caidrimh na Foirne Seachtraí bainistiú ar Chaidreamh Tionsclaíoch don earnáil oideachais níos leithne. Is í feidhm an Aonaid dea-chleachtas caidrimh thionsclaíoch a chur chun cinn ar fud na hearnála oideachais agus spreagadh agus tacú a dhéanamh ar nuachóiriú na hearnála.
Cad a dhéanaimid
Tá an t-aonad freagrach as:
- géilliúlacht do bheartas pá an Rialtais ar fud na hearnála oideachais a chur chun cinn
- maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gComhaontuithe Seirbhíse Poiblí mar a bhaineann siad leis an earnáil oideachais
- córas ceadaithe pá agus liúntas a oibriú i dtaca le gach grád san earnáil oideachais i gcoitinne
- an earnáil oideachais a ionadú ag cainteanna pá poiblí
- cur i bhfeidhm na reachtaíochta fostaíochta & na reachtaíochta maidir le pá seirbhíse poiblí san earnáil oideachais ghinearálta a éascú
- ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh an taoibh oifigiúil ag cruinnithe den Chomhairle Eadrána agus ag socrúcháin idirbheartaíochta
- struchtúir agus próisis a idirbheartú agus a aontú le ceardchumainn agus forais bhainistíochta
- scéimeanna réitigh agus eadrána a oibriú d’fhoirne scoile nach bhfuil teacht acu ar an gCúirt Oibreachais
- idirbheartaíocht éileamh a sheirbhísiú tríd an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus tríd an gCúirt Oibreachais
- éilimh i dtaca le pá agus coinníollacha seirbhíse agus saincheisteanna eile caidreamh oibreachais a phróiseáil trí na struchtúir aontaithe
- comhairle a chur ar institiúidí agus ar rannóga líne i dtaobh na struchtúr agus na bpróiseas cuí chun déileáil le saincheisteanna caidreamh oibreachais
- rannpháirtíocht i ngrúpaí oibre trasrannacha
- dea-chleachtas caidreamh oibreachais a chur chun cinn san earnáil oideachais i gcoitinne
Féach Freisin:
Teagmháil
External Staff Relations
- Seoladh:
- Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
- Teileafón:
-
(01) 889 6400