English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An tAonad Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta

Is aonad é an tAonad Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta (AFFSCRS) laistigh d’Oideachas Speisialta atá freagrach as an bhforbairt ar pholasaí maidir le CRSanna.


Cad a dhéanaimid

Bunaíodh an AFSCRS i mí na Nollag 2022, le go mbeidh cur chuige níos iomlánaíche agus níos straitéisí i dtreo forbartha polasaí do chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) agus le seirbhís fheabhsaithe CRS a sheachadadh.

Tá sé i gceist ag an Roinn “fís” do thodhchaí an fhórsa saothair CRS, treoraithe ag na CRSanna iad féin, na múinteoirí, an earnáil i gcoitinne agus ag an bhfianaise den chineál seirbhíse a sheachadann an toradh is fearr do leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais.

An chéad chéim sa phróiseas seo ná an tAonad Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta tiomnaithe a bhunú. Cuimsíonn na cúrsaí polasaí:

  • Clár Foghlama agus Forbartha do CRSanna
  • Athbhreithniú ar chonradh fostaíochta CRS
  • Ról agus dualgais an CRS
  • Íosriachtanais iontrála CRS
  • Comhoibriú leis an tSamhail Chuimsithe Scoile (SCS)
  • Deabhrú Cáilíochta don tseirbhís CRS

Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) - Nuacht agus Nuashonrúcháin

Bain úsáid as an nasc seo a leanas le do thoil chun do spéis a chur in iúl inár seimineár gréasáin atá le teacht

Fógraíonn an tAire McEntee agus an tAire Moynihan foilsiú na Tuarascála ar Fhócasghrúpaí le Múinteoirí ar Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta

Fáiltíonn na hAirí McEntee agus Moynihan roimh oscailt clárúcháin don Teastas CRS i dTacaíocht Chuimsitheach agus i gCúram san Oideachas ag ATU, Coláiste San Aingeal

Fógraíonn na hAirí Helen McEntee agus Michael Moynihan Scéim nua um Ath-imlonnú Cúntóirí Riachtanas Speisialta


Téigh i dTeagmháil Linn

Special Needs Assistants Workforce Development Unit (SNAWDU)

Seoladh:
Department of Education, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
Ríomhphost:

snaworkforcedevelopment@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 645 1357