English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An tAonad Pleanála agus Tógála



Ról agus Feidhm

Tá an tAonad Pleanála agus Tógála freagrach as na nithe seo a leanas:

  • an gá atá le cóiríocht scoile a aithint
  • na sonraíochtaí teicniúla a leagan amach le haghaidh foirgnimh oideachais
  • a áirithiú go gcaomhnaítear caighdeáin
  • leithdháileadh na n-acmhainní a chur in ord tosaíochta
  • maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh an chláir chaipitil.

Cad a dhéanaimid

Seo a leanas an obair a dhéanann gach rannóg:

An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn

Is é príomhfheidhm na Rannóige um Pleanáil Chun Cinn anailís a dhéanamh ar threochtaí déimeagrafacha agus rollaithe agus an t-éileamh ar áiteanna i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a thuar lena chinntiú go gcuirfear cóiríocht scoile dóthanach ar fáil. Cuireann an taighde sin bonn eolais faoi shainaithint tionscadal chun éilimh ar fud an Aonaid Pleanála agus Tógála sa todhchaí a shásamh.

Ina theannta sin, tá an Rannóg um Pleanáil Chun Cinn i mbun forbairt beartais faoi láthair sna réimsí seo a leanas:

  • pátrúnacht scoile do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna nua
  • athchumrú pátrúnachta i gcás scoileanna atá ann cheana féin trí fhorbairt a dhéanamh ar an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht.

An Rannóg um Cheannach Láithreán agus Bainistíocht Mhaoine

Tá an Rannóg seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • láithreáin a cheannach chun freastal ar riachtanais an Chláir Thógála Scoile
  • punann mhaoine na Roinne a fhorbairt agus a bhainistiú, lena n-áirítear infheistíocht an Aire i láithreáin agus i bhfoirgnimh scoile a chosaint trí dhintiúirí dlí agus trí léasanna scoile.

An Rannóg um Breithmheas Caipitil Scoile

Tá an Rannóg seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • próiseáil a dhéanamh ar iarratais ó scoileanna ar mhórmhaoiniú caipitil
  • próiseáil a dhéanamh ar iarratais ar chíos cóiríochta sealadaí agus cóiríochta breise
  • próiseáil a dhéanamh ar iarratais ar Scéimeanna Oibreacha Samhraidh
  • aithint a dhéanamh ar thionscadail a dtabharfar tosaíocht dóibh chun freastal ar na riachtanais chóiríochta atá aitheanta ag an Rannóg um Pleanáil Chun Cinn
  • ullmhú a dhéanamh ar mhionteagaisc agus ar sceideal na gcóiríochtaí do thionscadail.

An Rannóg um Mór-Thionscadail (Céimeanna Dearaidh agus Tógála)

Tá an Rannóg seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • dul chun cinn a dhéanamh ar mhórthionscadail thraidisiúnta tógála, idir ceapadh na bhfoirne dearaidh agus gach céim den phróiseas tógála, lena n-áirítear an chéim dhearaidh, an chéim thairisceana, an chéim thógála agus an chéim aistrithe
  • dul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail neamhthraidisiúnta amhail tionscadail dearaidh agus tógála agus tionscadail mhearsheachadta trí gach céim de phleanáil ailtireachta ón gcéim réamhdhearaidh go dtí an chéim dhearaidh agus ar aghaidh go dtí an cuntas deiridh
  • riar a dhéanamh ar dheontais do throscán agus do threalamh i gcás mórthionscadal.

An Rannóg um Thionscadail Dhéabhlóidithe

Tá an Rannóg seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • mórthionscadail dhéabhlóidithe a sheachadadh
  • próiseáil a dhéanamh ar iarratais faoi na scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear

- Scéim um Chóiríocht Bhreise

- Scéimeanna Oibreacha Samhraidh

- Scéim athsholáthair prefab

  • Próiseáil a dhéanamh ar iarratais faoi na scéimeanna Dhéabhlóidithe:

- Oibreacha Éigeandála

- Troscán agus trealamh

- Cláir Feabhsúcháin

  • An Deontas Mionoibreacha

An Rannóg Airgeadais

Tá an Rannóg seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • íocaíochtaí a dhéanamh a eascraíonn ó chur chun feidhme agus ó sheachadadh chláir fhoriomlána chaipitil na Roinne, i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí atá leagtha amach ag an Roinn Airgeadais agus i gcomhréir le riachtanais fhorordaithe reachtúla chánach
  • faisnéis staidrimh maidir le saincheisteanna caipitil a sholáthar
  • riachtanais fhairsinge tuairiscithe na dtionscadal a bhainistiú.

An Rannóg Ghairmiúil agus Theicniúil

Tá an Rannóg seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • sainchomhairle theicniúil agus sainchúnamh teicniúil a sholáthar mar is cuí do gach rannóg laistigh den Aonad Pleanála agus Tógála
  • forbairt a dhéanamh ar bheartas agus ar nósanna imeachta maidir le hoibreacha caipitil
  • taighde – áiseanna oideachais, éifeachtúlachta fuinnimh a phleanáil agus a dhearadh etc. agus treoir dhearaidh agus teimpléid seomra chaighdeánaigh a fhorbairt
  • cúnamh a sholáthar do scoileanna agus d’Fhoirne Dearaidh ag gach céim, idir an chéim um dhul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail agus na céimeanna dearaidh agus tógála
  • sraith doiciméad a chur le chéile chun dearadh scoile a éascú, lena n-áirítear comhairle maidir le dearadh, le soláthar, le tógáil agus le nós imeachta.

Struchtúr agus Teagmhála an Aonaid Phleanála agus Tógála