An tAonad um Oideachas Gaeltachta
- Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chothú trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Ó cuireadh tús le feidhmiú an Pholasaí in 2017, tá roinnt tionscadal curtha i bhfeidhm chun tacú le soláthar oideachais ar ardcháilíocht trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Ina measc seo tá na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a chuireann acmhainní spriocdhírithe breise ar fáil do scoileanna atá lonnaithe i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta chun tacú leo feabhas a chur ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.
Agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 á chur i bhfeidhm, tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta ag obair go dlúth leis na rannóga ábhartha laistigh den Roinn Oideachais agus le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha eile, go háirithe An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Tá tacaíocht ar fáil go leanúnach don Aonad um Oideachas Gaeltachta ó Chigireacht na Roinne Oideachais a thugann comhairle do scoileanna atá lonnaithe i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta chun feidhmiú na na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a chur chun cinn. Tá comhoibriú leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus a gníomhaireachtaí, mar aon le ranna rialtais eile ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Pholasaí agus na Scéime.
Cuireann an Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta,, faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais, comhairle ar fáil go leanúnach freisin don Aonad um Oideachas Gaeltachta ar ghnéithe de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
Na rudaí a dhéanaimid
Déanann an tAonad um Oideachas Gaeltachta:
- maoirseacht ar chur i bhfeidhm na ngealltanas sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 i gcomhar le rannóga ábhartha na Roinne Oideachais agus ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais
- maoirseacht ar leithdháileadh acmhainní chun tacú le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 i gcomhar le rannóga ábhartha na Roinne Oideachais agus ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais
- maoirseacht agus monatóireacht ar chur i bhfeidhm na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i gcomhar le Cigireacht na Roinne Oideachais
Taighde
- Tuarascáil: Naisc idir Bunscoileanna agus Naíonraí na Gaeltachta
- Staidéar Taighde agus Meastóireachta: Tuarascáil ar Scoileanna Cás-Staidéir rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
- Meastóireacht neamhspleách ar Thionscadal Píolótach an r-Mhoil
- Tionscadal Píolótach ar ríomh-Mhol trí mheán na Gaeilge - Athbhreithniú Idirnáisiúnta agus Tuarascáil Chomhairleach
- Scoileanna rannpháirteach sa Scéim Aitheantais scoileanna Gaeltachta: Na Príomhtheachtaireachtaí ó Chuairteanna Comhairleacha na Cigireachta
- Soláthar Scoile i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta: Soláthar Reatha agus Éileamh Amach Anseo
- Athbhreithniú ar an Oideachas sa Ghaeltacht: Athbhreithniú ar an Litríocht Náisiúnta
- Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta
- Tuarascáil ar an Soláthar Oideachais trí mheán na Gaeilge i Scoileanna Gaeltachta: Cás-Staidéir Bunscoile agus Iar-bhunscoile
Teagmháil
Gaeltacht Education Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Gaeltacht Education Unit, Room 7, Tyrone House, Marlborough Street, Dublin, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6408