Aonad Pearsanra um Airgeadas Riarachán na Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna)
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2021
Comhlíonann Rannóg Pearsanra Airgeadais agus Riaracháin an BOO (An Bord Oideachais agus Oiliúna) réimse d’fheidhmeanna oibríochta agus tacaíochta agus cuireann sí acmhainní ar fáil maidir le deontais a íoc leis na Boird Oideachais agus Oiliúna, agus bíonn sí ag feidhmiú maidir le caidreamh foirne agus pearsanra i dtaca leis na BOOnna.
Cad a dhéanaimid
- comhlíonaimid réimse d’fheidhmeanna oibríochta agus tacaíochta agus cuirimid acmhainní ar fáil maidir le hiar-bhunscoileanna agus ceannoifigí de chuid an BOO
- tacaímid le feidhm phearsanra an BOO maidir le foireann riaracháin agus chothabhála in iar-bhunscoileanna agus ceannoifigí de chuid an BOO
- riaraimid maoiniú ionas gur féidir pinsin agus aiscí scoir a íoc le hiar-bhaill foirne na mBord Oideachais agus Oiliúna agus na nInstitiúidí Teicneolaíochta
- cuirimid rialachas agus cuntasacht i mBoird Oideachais agus Oiliúna chun tosaigh, de réir nósanna imeachta airgeadais an Rialtais agus riachtanais reachtúla
Teacmháil
ETB Financial & Administrative Personnel Unit
- Seoladh:
- Department of Education, ETB Financial & Administrative Personnel Unit, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 64 84017 / 3882/ 4233/ 3767/ 3769