Aonad um Thuismitheoirí agus Fhoghlaimeoirí
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2022
Tá an tAonad um Thuismitheoirí agus Fhoghlaimeoirí freagrach as an méid seo a leanas
Cosaint Leanaí
Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
- Treoir a chur ar fáil do scoileanna maidir le cosaint leantaí agus cur i bhfeidhm na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
- A chinntiú go gcuirtear na hábhair imní uile um chosaint sonraí a líomhnaíodh a cuireadh faoi bhráid fhoireann na Roinne ar aghaidh go dtí na húdaráis iomchuí a luaithe agus is féidir
- A chinntiú go bhfaigheann an tAire na gealltanais iomchuí maidir leis an Earnáil Oideachais ag comhlíonadh na riachtanas reachtaíochta um chosaint leanaí
Achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998
Achomharc in aghaidh Eisiamh Buan, Fionraí nó Diúltú
Má dhéanann Bord Bainistíochta de scoil cinneadh áit scoile a dhiúltú do leanbh nó má chuireann sé leanbh ar fionraí ar feadh níos mó ná 20 lá nó má chuirtear leanbh amach as an scoil, is féidir leis an tuismitheoir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh sin chuig coiste achomharc neamhspleách. Déanann ár bhfoireann Alt 29 sa Mhuileann gCearr an t-achomharc sin a phróiseáil agus cuireann sí tacaíocht riaracháin ar fáil don choiste achomharc.
Scéimeanna Teagaisc Baile
Teagasc Baile i dtaca le Neamhláithreachtaí a Bhaineann le Cúrsaí Máithreachais
- Teagasc Baile do leanaí nach bhfuil áit scoile acu
- Teagasc Baile do leanaí faoi chúram nach bhfuil áit scoile acu
Gearáin ó Thuismitheoirí
Comhairle a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaltaí maidir le feidhmiú nósanna imeachta gearáin na scoileanna.
Obair Frithbhulaíochta
Obair a threorú maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht agus leis an athbhreithniú ar na nósanna imeachta Frithbhulaíochta do Scoileanna.
An Bille um Chairt
Dul chun cinn a dhéanamh ar an mBille Oideachais (Cairt na nDaltaí agus na dTuismitheoirí) 2019 tríd an bpróiseas reachtaíochta agus dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara i bhforbairt threoirlínte na Cairte do scoileanna
Téigh i dteagmháil linn
Parents and Learners Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Parents and Learners Unit, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
090648 -4099 / 090648 -3600
Section 29 Appeals Unit Administration Unit
- Seoladh:
- Section 29 Appeals Unit Administration Unit, Friar’s Mill Road, Mullingar, County Westmeath, N91 H30Y