English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Beartas Twitter An Roinn Oideachais

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 14 Meán Fómhair 2021


An Fhoireann

Is í an fhoireann cumarsáide na Roinne Oideachais a dhéanann an cuntas @Education_Ire a fheidhmiú agus a bhainistiú.


Ábhar

Má leanann tú @Education_Ire, tiocfaidh tú ar tvuíteanna, ar ghrianghraif agus ar fhíseáin a bhaineann le gníomhaíochtaí na Roinne sna réimsí seo a leanas:

  • ócáidí aireachta agus imeachtaí na Roinne
  • preaseisiúintí agus imeachtaí do na meáin
  • óráidí agus ráitis
  • ábhar nua ar an suíomh Gréasáin, amhail ciorcláin, tuarascálacha agus staitisticí
  • gnóthaí oideachais atá á bplé i dTithe an Oireachtais

Cuntais a Leanúint agus Ábhar Cuntas Eile a Atvuíteáil

Má leanaimid cuntais eile Twitter tríd an gcuntas @Education_Ire agus má dhéanaimid ábhar a atvuíteáil uathu, ní ionann é sin agus a rá go n-aontaímid le aon tvuíteanna, le haon eagraíochtaí ná le haon daoine aonair lena mbaineann. Má thosaíonn tú ag leanúint @Education_Ire, ní leanfaimid go huathoibríoch thú. Is é an aidhm atá leis sin cabhrú lenár leantóirí sainaithint a dhéanamh ar chuntais eile Twitter a bhíonn á leanúint againn – gníomhaireachtaí stáit agus ranna eile ina measc.


Teachtaireachtaí a sheoltar chugainn agus Teachtaireachtaí Díreacha

Tá an cuntas@Education_Ireina uirlis éifeachtach ‘craolacháin’ trína gcomhroinntear faisnéis le daoine a bhfuil spéis acu san oideachas. Ar an drochuair, ní féidir linn freagraí ná aiseolas eile a thabhairt dár leantóirí.

Ní fhéachtar ar theachtaireachtaí a sheoltar trí Twitter mar chumarsáid oifigiúil leis an Roinn. Ba cheart teagmháil den sórt sin a dhéanamh trínár n-aonaid ghnó, a bhfuil a sonraí ar fáil ar ár suíomh Gréasáin – féach Déan Teagmháil Linn. Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag info@education.gov.ie freisin.

Ná tabhair aon fhaisnéis phearsanta/phríobháideach nuair a sheolann tú tuít chuig @Education_Ire.


Infhaighteacht

Bíonn @Education_Irei mbun oibre le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. D’fhéadfadh go mbeadh sé i mbun oibre lasmuigh de na huaireanta sin de réir mar is rogha leis freisin. Ní bhíonn fáil ann ar Twitter i gcónaí, ar an drochuair. Ní bhíonn smacht ag an Roinn ar agaí neamhfhónaimh Twitter.