Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2025
Cé sinn
Déanann Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO (ar a dtugtaí Bord Cláir BOO/SOLAS tráth) ionadaíocht do bhainisteoirí sinsearacha sa Roinn Oideachais, sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, sa tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS), sna Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ/ETBI).
Cad a dhéanaimid
Cuireann Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO rialachas agus treoir ar fáil i dtaca le seachadadh na punainne clár agus tionscadal de chuid Sheirbhísí Comhroinnte BOO.
Tá sé mar aidhm ag an ngasra bualadh le chéile ar bhonn ráithiúil.
Téarmaí Tagartha
- Féachaint chuig ailíniú foriomlán leanúnach na gclár agus na dtionscadal le treoir straitéiseach na hearnála BOO mar a cuireadh i bhfriotal sna cáipéisí straitéise i dtaca leis an dá Roinn, SOLAS agus na Boird Oideachais agus Oiliúna.
- Pleananna a fhaomhadh agus a chomhaontú i leith na punainne clár agus tionscadal de chuid sheirbhísí comhroinnte earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna.
- Comhordú a chinntiú sna cláir agus le tionscnaimh eile chun an ailíniú straitéiseach agus beartú cuí na tosaíochta a áirithiú, ag féachaint sa tréimhse ón ngearrthéarma go dtí an meántéarma don mhaolú priacail, don chomhlíontacht reachtúil rialála, do chur i ngníomh mholtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus d'fhorbairt shamhail na seirbhísí comhroinnte.
- Féachaint chuige go gcoinneofar an priacal bainisteoireachta Cláir agus Tionscadail faoi athbhreithniú agus go bhforbrófar gníomhartha cuí maolúcháin agus go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm.
- Comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Oifigeach Freagrach Sinsearach.
- Tacú go gníomhach le seachadadh na punainne clár de chuid na seirbhísí comhroinnte.
I gcomhréir le prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, oibríonn Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO faoi na treoirlínte a leagtar amach sa Chód Trédhearcachta. Ciallaíonn sé seo go ndéantar ballraíocht an ghasra, an clár oibre agus miontuairiscí agus cláir ghnó na gcruinnithe ar fad a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin seo. Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí den Chód Trédhearcachta sa nasc seo a leanas: Faisnéis do Chomhlachtaí Poiblí - Cód Trédhearcachta .
Ballraíocht
Bernie McNally | Cathaoirleach, Ard-Rúnaí, An Roinn Oideachais agus Óige | * |
Anne-Marie Sherkle | Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige | * |
Cliodhna O’Neill | Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige | * |
Martin Clohessy | Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige | |
Sally Cao | Príomhoifigeach, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais Taighde nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) | |
Paddy Lavelle | Ard-Rúnaí, BOOÉ/ETBI | |
Aileen Healy | ||
Martin G. O’Brien | ||
Andrew Brownlee | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, SOLAS | |
Micheál Lenihan | Príomhoifigeach, Oibríochtaí Párolla BOO ESBS | |
Siobhan Gaffey | Príomhoifigeach, Seirbhísí Comhroinnte |
- =Oifigeach poiblí ainmnithe
Cáipéisí na gCruinnithe
Teagmháil
ETB/Shared Services Programme Board Secretary
- Seoladh:
- Department of Education and Youth, Dublin 1, Marlborough Street, D01 RC96
- Ríomhphost: