English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Buail leis an bhfoireann



Cad a dhéanaimid

Is ionann an Chigireacht agus rannóg na Roinne Oideachais atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar bhunscoileanna agus ar iarbhunscoileanna agus ar ionaid oideachais. Cuireann cigirí comhairle ar fáil ar raon saincheisteanna oideachais do phobail scoile, don lucht déanta beartas sa roinn agus don chóras oideachais níos leithne freisin.

Déanann an Chigireacht na nithe seo a leanas:

1: soláthraíonn sí dearbhú cáilíochta agus cuntasachta poiblí sa chóras oideachais

2: déanann sí cigireachtaí i scoileanna agus in ionaid oideachais

3: déanann sí meastóireachtaí náisiúnta

4: cuireann sí dea-chleachtas agus feabhsú scoile chun cinn trí chomhairle a chur ar mhúinteoirí, ar phríomhoidí agus ar bhoird bhainistíochta i scoileanna

5: foilsíonn sí tuarascálacha cigireachta ar scoileanna agus ar ionaid oideachais ar leith

6:tuairiscíonn sí ar sholáthar curaclaim, ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú i gcoitinne sa chóras oideachais

7: cuireann sí an Ghaeilge chun cinn

8: cuireann sí comhairle ar fáil don lucht déanta beartas sa Roinn Oideachais agus don chóras oideachais níos leithne.

Soláthraímid aiseolas ó bhéal don phobal scoile ag deireadh na gcigireachtaí seo agus soláthraímid tuarascáil phriontáilte a fhoilsítear ar ár suíomh Gréasáin.


Príomhchigire – Yvonne Keating


Leas-Phríomhchigirí


Príomhchigirí Cúnta