English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cairt na gCustaiméirí

Is é cuspóir na Cairte Custaiméirí seo caighdeán na seirbhíse a leagan amach ar féidir lenár gcuid custaiméirí a bheith ag súil leis ón Roinn.

(Tabhair do d’aire: Agus Cairt Chustaiméirí á foilsiú, níl sé i gceist go gcruthófaí cearta dlíthiúla nua do chustaiméirí.

Ár n-aidhm

Is é an aidhm atá againn seirbhís ghairmiúil, éifeachtúil agus cúirtéiseach a chur ar fáil dár gcustaiméirí agus ár ndícheall a dhéanamh feabhas a chur ar chaighdeáin na seirbhíse a bhímid a sholáthar.

Ár dtiomantas dár gcustaiméirí

Is ríthábhachtach dúinn sásamh custaiméirí agus is é ár n-aidhm é sin a chinntiú trí:

  • an tseirbhís agus an chomhairle is fearr agus is féidir a thabhairt dár gcuid custaiméirí;
  • caitheamh lenár gcustaiméirí ar bhealach cuí, cothrom, neamhchlaonta agus chúirtéiseach;
  • a chinntiú, i soláthar ár gcuid seirbhísí, go seastar leis na cearta um chóir chomhionann a leagtar amach i reachtaíocht comhionannais;
  • bheith ag iarraidh freastal, nuair is féidir, ar aon riachtanas speisialta a d’fhéadfadh a bheith ag ár gcustaiméirí.

Fiosruithe Teileafóin

Beimid ar fáil chun glaonna teileafóin a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oifige (9.12r.n go 5.30i.n Luan go Déardaoin agus 9.12r.n go 5.00i.n ar an Aoine). Is é an sprioc atá againn gach glao a fhreagairt go sciobtha. Cuirfimid in iúl cé muid féin agus cén réimse oibre ina mbímid. Beimid múinte agus cabhrach, agus déanfaimid ár ndícheall eolas soiléir agus ceart a chur ar fáil dár gcuid custaiméirí. Mura féidir linn freagra a thabhairt láithreach, tógfaimid sonraí an chustaiméara agus cuirfimid scairt ar ais ar an gcustaiméir ag am oiriúnach. Ní cheanglóimid glaoiteoirí le glórphost ach amháin nuair nach bhfuil teacht ar an té ar mian leo labhairt leis/léi, agus déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí glórphoist laistigh de lá oibre amháin.

Uimhir (uimhreacha) Theileafóin

  • Fón Bhaile Átha Luain: (090) 648 3600
  • Fón Bhaile Átha Cliath: (01) 889 6400
  • Fón Thulach Mhór: (057) 932 4300

Cumarsáid Scríofa

Admhóimid bunús na míreanna cumarsáid scríofa laistigh de 5 lá oibre ón am a bhfaighimid iad agus tabharfaimid freagra deiridh laistigh de 20 lá oibre. I gcásanna ina mbeidh moill ar chúrsaí, míneoimid é sin dár gcuid custaiméirí trí fhreagra eatramhach sula mbíonn an tréimhse 20 lá istigh. Tabharfaidh ár mbaill foirne sonraí iomlána teagmhála dár gcuid custaiméirí, agus uimhir thagartha (más cuí). Más le haghaidh roinn nó foras eile Rialtais é an comhfhreagras, cuirfimid ar aghaidh go díreach chuig an roinn sin é, agus déarfaimid leis an gcustaiméir cad é atá déanta againn leis.

Glaoiteoirí pearsanta

Beimid ar fáil le bualadh lenár gcuid custaiméirí trí choinne le linn gnáthuaireanta oifige. Beannóimid go múinte do chustaiméirí, beimid cothrom agus cabhrach agus pléifimid lena gcuid fiosruithe chomh gasta agus is féidir. Cuirfimid áiseanna oiriúnacha ar fáil le haghaidh cruinnithe agus déanfaimid cinnte de go mbíonn ár gcuid oifigí glan agus sábháilte. Cinnteoimid go mbíonn ár gcuid oifigí inrochtana ag daoine atá faoi mhíchumas.

Rochtain

Is iad seo Oifigigh Rochtana na Roinne:

Féadann cuairteoirí go hIonad Shráid Mhaoilbhríde teagmháil a dhéanamh le:

Access Officer - Dublin Complex

Ríomhphost:

peter_carroll@education.gov.ie

Teileafón:
(01) 889 6506
Achoimre:
Peter Carroll

Féadann cuairteoirí go Corr na Madadh, go hIonad Bhaile Átha Luain teagmháil a dhéanamh le:

Access Officer - Athlone Office

Ríomhphost:

Jonathon_Sweeney@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3920
Achoimre:
Jonathon Sweeney

Féadann cuairteoirí go hIonad Thulach Mhór teagmháil a dhéanamh le:

Access Officer - Tullamore Office

Ríomhphost:

kenneth_fagan@education.gov.ie

Teileafón:
(057) 9325414
Achoimre:
Kenneth Fagan

Polasaí um Stádas Comhionann

Táimid tiomanta go hiomlán do sheirbhís a sholáthar ar féidir lenár gcuid custaiméirí uile tairbhe a bhaint aisti agus ina gcaitear ar an tslí chéanna lenár gcuid custaiméirí uile. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go gcuirtear san áireamh sa tseirbhís a thugaimid na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ag grúpaí áirithe custaiméirí, agus rachaimid i gcomhairle lenár gcustaiméirí chun a chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar a gcuid riachtanais rochtana. Cuirfimid ar fáil oiliúint oiriúnach foirne chun tacú leis na gealltanais sin.

Seirbhís i nGaeilge

Déanfaidh an Roinn gach iarracht freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Uimhir theileafóin do cheisteanna trí Ghaeilge (01) 889 6780

Oiliúint

Déanfaimid infheistíocht in oiliúint foirne seirbhís do chustaiméirí, go háirithe i gcás na foirne a bhíonn i dteagmháil leis an bpobal i gcoitinne.


Aiseolas/gearán a dhéanamh

Mar chustaiméir d'fhéadfadh sé go mbeadh míshásamh ort le caighdeán na seirbhíse a fuair tú ón Roinn.

Aithnímid gur féidir meancóga a dhéanamh agus go mbíonn moill ann anois is arís.

Tá ár nós imeachta le gearáin a dhéanamh ceaptha chun cabhrú leat do ghearán a dhéanamh ionas gur féidir linne freagra a thabhairt agus, más féidir, rudaí a chur ina gceart.

Geallaimid go rachaimid i gcomhairle lenár gcuid custaiméirí agus go bhfiafróimid díobh conas atá ag éirí linn.

Is féidir lenár gcuid custaiméirí cabhrú linne trí:

Más mian le custaiméirí moladh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfaimis feabhas a chur ar an tseirbhís a thugaimid, gearáin a dhéanamh faoi chaighdeán na seirbhíse do chustaiméirí, nó chun fiosruithe ginearálta a dhéanamh, féadann siad r-phost a chur chuig ár nOifig Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. Is é an seoladh atá ann customer_serviceOffice@education.gov.ie

Féadfaidh custaiméirí scríobh freisin chuig:

Customer Services Office

Seoladh:
Customer Services Office, Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
Teileafón:
018896690

Tá súil againn gur éirigh linn do ghearán a réiteach go sásúil. Má tá tú fós míshásta lenár bhfreagra, áfach, ansin féadfaidh tú do ghearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman. Tá an tseirbhís ón Ombudsman cothrom, neamhspleách agus saor in aisce.

Iarrfaidh an tOmbudsman ort na sonraí de do ghearán a chur ar fáil chomh maith le cóip den litir/ríomhphost seo (ár bhfreagra críochnaitheach ar do ghearán). Is í an tslí is fearr le teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná:

  • Cliceáil ar an nasc dar teideal ‘Déan gearán’ ar www.ombudsman.ie
  • Nó scríobh chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
  • Nó glao a chur ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má tá cabhair ag teastáil uait chun do ghearán a dhéanamh.

Féadfar teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí ag:

Office of the Ombudsman for Children

Seoladh:
Millennium House, 52-56 Great Strand Street, Dublin 1
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

oco@oco.ie

Teileafón:
018656800;
1800 20 20 40

Cabhraigh linne cabhrú leatsa

Is amhlaidh is fearr is féidir linn cabhrú leat ach tú:

  • Aon eolas atá agat a bhaineann le d’fhiosrú a thabhairt dúinn
  • Aon doiciméad agus uimhreacha tagartha atá agat atá ábhartha a thabhairt dúinn
  • Seicliostaí nó treoirlínte ar bith a tugadh duit a leanúint
  • Caitheamh go múinte agus go measúil lenár gcuid ball foirne agus le custaiméirí eile

Pointí teagmhála/uimhreacha teileafóin

Is féidir teacht ar liosta pointí teagmhála agus uimhreacha teileafóin ar ár leathanach Déan teagmháil linn. Táimid i mbun Plean Gníomhaíochta Custaiméirí a ullmhú atá le foilsiú ar ball