English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cosaint Sonraí

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 15 Feabhra 2024


Cur Síos

Cloíonn an Roinn Oideachais le prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus na slándála de chuid an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí le linn dóibh do chuid sonraí a phróiseáil nó sonraí do pháiste a phróiseáil. Tá bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí curtha i bhfeidhm ag an Roinn seo chun a áirithiú – agus chun a bheith in ann a léiriú – go bhfuil an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta i gcomhréir leis na caighdeáin is airde de chuid an RGCS ag féachaint do chineál, raon feidhme, comhthéacs agus chun críocha na próiseála agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine aonair, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn as cearta agus leibhéal athraitheach dóchúlachta agus déine ag gabháil leo.


Cuntasacht – Beartas um Chosaint Sonraí

I mBeartas um Chosaint Sonraí na Roinneamach na bearta atá le déanamh ag an Roinn Oideachais agus sonraí pearsanta á bpróiseáil.


Cuntasacht – Cearta Ábhar Sonraí

Soláthraíonn an RGCS na cearta seo a leanas do dhaoine aonair:

1. An ceart chun a bheith ar an eolas

2. An ceart rochtana

3. An ceart chun go gceartófaí sonraí

4. An ceart scriosta sonraí/an ceart go ligfí i ndearmad

5. An ceart chun próiseáil a shrianadh

6. An ceart chun iniomparthacht sonraí

7. An ceart chun agóid a dhéanamh

8. Cearta maidir le cinnteoireacht agus próifíliú uathoibrithe

D'ullmhaigh an Coimisinéir Cosanta Sonraí Treoir do Chearta Daoine Aonair faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS).


Cearta Ábhar Sonraí – Cén chaoi iarratas a dhéanamh

Faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, tá sé de cheart agat cóip a fháil d'aon fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat. Chun teacht ar chóip de shonraí pearsanta atá i seilbh na Roinne, i ndáil leatsa, comhlánaigh an Foirm Iarratais ar Iarratas Rochtana ar Ábhar (SAR), más é do thoil é. Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe, chomh maith le haitheantas fótagrafach (pas, ceadúnas tiomána nó Cárta Seirbhíse Poiblí) mar aon le cruthúnas maidir le seoladh (bille fóntais, litir oifigiúil) a sheoladh ar ais chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, féach ar na sonraí teagmhála thíos.


Trédhearcacht

Cuirfidh an Roinn an fhaisnéis riachtanach ar fáil duit ag an am a mbailítear sonraí pearsanta. Áiritheoidh an Roinn go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear mionsonraithe agus sainiúil, agus go bhfuil na fógraí sin intuigthe agus inrochtana. D'fhonn na ceanglais thuas a chothromú, féadfaidh an Roinn beartais chuí a chur chun feidhme chun faisnéis a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin nó ó scoileanna agus eagraíochtaí oideachais eile. Cuimseofar san fhaisnéis a sholáthraítear faisnéis faoi shonraí pearsanta a bhailítear go díreach ón ábhar sonraí agus ó fhoinsí eile.

Tá bearta déanta ag an Roinn chun a áirithiú go soláthraíonn sé níos mó trédhearcachta maidir le cén chaoi a bpróiseálann sé do chuid sonraí pearsanta le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála sonraí. Féach le do thoil ar achoimre ardleibhéil d'Fhógra Príobháideachais leis na gníomhaíochtaí próiseála atá ar siúl sa Roinn. Is féidir teacht ar fhógraí príobháideachais a bhaineann le líon gníomhaíochtaí próiseála ar leith a dhéanann an Roinn seo anseo.


Slándáil

Leanann an Roinn an cleachtas is fearr d’fhonn rúndacht, ionracas agus infhaighteacht a córas agus a seirbhísí próiseála faisnéise a chosaint.


Cuntasacht – Oifigeach Cosanta Sonraí

Déanann ár nOifigeach Cosanta Sonraí maoirseacht ar an gcaoi a mbailímid, a n-úsáidimid, a roinnimid agus a gcosnaímid do chuid faisnéise chun a áirithiú go gcomhlíontar do chearta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag

Data Protection Officer –Department of Education

Seoladh:
Data Protection Unit, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath, N35 X659
Ríomhphost:

dpo@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3908

Tuilleadh eolais

RGCS agus Cosaint Sonraí

Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Tugann sé seo níos mó smachta do dhaoine aonair ar a gcuid sonraí trí chearta breise atá sainithe níos soiléire a leagan amach do dhaoine aonair a bhfaigheann agus a bpróiseálann eagraíochtaí a gcuid sonraí pearsanta. Chomh maith leis sin, cuireann an RGCS oibleagáidí comhfhreagracha agus méadaithe go mór ar eagraíochtaí a bhailíonn na sonraí seo.

Is é cuspóir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018 éifeacht bhreise a thabhairt don RGCS, an Treoir um Fhorfheidhmiú Dlí ar leithligh a thrasuí sa dlí náisiúnta agus an Coimisiún um Chosaint Sonraí a bhunú leis na bealaí chun caighdeáin fheabhsaithe cosanta sonraí a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach. Ligeann an RGCS, a bhfuil éifeacht dhíreach aige le Rialachán AE, corrlach solúbthachta teoranta dá bhforáiltear i gCuid 3 den Acht.

Soláthraíonn Suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí míniú ar na cearta agus na freagrachtaí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus tá faisnéis ar fáil ó:

The Data Protection Commissioner's Office

Seoladh:
Canal House, Station Road, Portarlington, Co. Laois., R32 AP23
Ríomhphost:

info@dataprotection.ie

Teileafón:
1890 252231

Ábhair Sonraí, Sonraí Pearsanta agus Sonraí Catagóir Speisialta

Ciallaíonn an téarma “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine beo atá aitheanta nó inaitheanta (tugtar “ábhar sonraí” ar dhuine den sórt sin).

Tá duine inaitheanta más féidir é a aithint go díreach nó go hindíreach trí “aitheantóir” a úsáid. Tugann an RGCS samplaí d’aitheantóirí, lena n-áirítear ainmneacha, uimhreacha aitheantais, agus sonraí suímh. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh duine a bheith inaitheanta trí thagairt a dhéanamh d’fhachtóirí a bhaineann go sonrach lena bhféiniúlacht, amhail tosca fisiciúla, géiniteacha nó cultúrtha.

Tá cineálacha áirithe sonraí pearsanta íogaire faoi réir cosanta breise faoin RGCS. Tá siad seo liostaithe faoi Airteagal 9 den RGCS mar “chatagóirí speisialta” de shonraí pearsanta. Is iad seo a leanas na catagóirí speisialta: sonraí pearsanta a nochtann bunús ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht ceardchumann, chomh maith le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadrachta a phróiseáiltear chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann le sláinte, agus sonraí maidir le saol gnéis nó claonadh gnéasach duine nádúrtha. Toirmisctear na catagóirí speisialta seo a phróiseáil, ach amháin in imthosca teoranta a leagtar amach in Airteagal 9.

Boinn Dlíthiúla chun Sonraí Pearsanta a Phróiseáil

Tá sé bhonn dlí éagsúla ann ar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil orthu:

  • Toiliú
  • Conradh
  • Oibleagáid dhlíthiúil
  • Leasanna ríthábhachtacha an duine is ábhar do na sonraí nó duine eile a chosaint
  • Tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir
  • Leas dlisteanach (ní bhaineann sé seo le comhlíonadh tascanna poiblí ach d’fhéadfadh sé a bheith i bhfeidhm ar thascanna eagraíochtúla ar leith, mar shampla oibriú CCTV ar mhaithe le slándáil nó ar mhaithe le sábháilteacht ár bhfoirne)

Déantar go leor de ghníomhaíochtaí próiseála na Roinne mar thascanna ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil sa mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach agus comhréireach le haghaidh:

  • Feidhm de chuid an Aire a thugtar le hachtú an Bhunreachta nó faoi achtachán a chomhlíonadh, nó
  • Riarachán ón Aire nó thar a cheann d'aon scéim, clár nó cistí neamhreachtúla i gcás gur feidhm de chuid an Aire a thugtar le hachtachán nó leis an mBunreacht an bunús dlí le haghaidh riaracháin den sórt sin.

Ráitis Phríobháideachta agus Fógraí Príobháideachta

Is é beartas na Roinne ráiteas príobháideachta a bheith ann ar aon fhoirmeacha a d’fhéadfaimis a úsáid chun sonraí pearsanta a bhailiú mar chuid de ghníomhaíocht phróiseála. Taispeánfaidh an ráiteas faisnéis faoi na príomhchuspóirí chun na sonraí pearsanta a bhailiú agus cibé an bhfuil na sonraí á roinnt le haon eagraíochtaí eile. Cuimseoidh an ráiteas nasc le fógra príobháideachta níos mionsonraithe, a thabharfaidh níos mó sonraí faoin ngníomhaíocht phróiseála.

Úsáideann an Roinn Fógra Príobháideachta chun sonraí a sholáthar faoi gach gníomhaíocht phróiseála a dhéantar, a bhaineann le sonraí pearsanta. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

  • cuspóir,
  • bunús dlí,
  • foinse na sonraí pearsanta nuair nach bhfuarthas iad go díreach ón Ábhar Sonraí (go minic gheobhaidh an Roinn mar chuid dá feidhmeanna na sonraí trí scoil nó eagraíocht oideachais eile),
  • tréimhse stórála,
  • daoine nó eagraíocht a bhféadfar na sonraí nó cuid de na sonraí a nochtadh dóibh agus cén fáth.

Ina theannta sin, áireofar san Fhógra Príobháideachta faisnéis faoi chearta Ábhar Sonraí agus conas is féidir iad a fheidhmiú.

Coinneáil Sonraí

Níor cheart sonraí pearsanta a choinneáil níos faide ná mar is gá chun na gcríoch nó na críche a bhfuil siad á bpróiseáil ina leith. Toisc go bhfuil an Roinn faoi réir Acht na Cartlainne Náisiúnta, is féidir go gcaithfear taifid le sonraí pearsanta a choinneáil le haghaidh cartlainne, i gcás nach bhfuil aon ordú diúscartha ón gCartlann Náisiúnta i bhfeidhm maidir leis an gcatagóir nó an taifead sin.

Rialaitheoirí Sonraí, Próiseálaithe Sonraí agus Comhroinnt Sonraí

Tagraíonn rialtóir sonraí do dhuine, do chuideachta nó do chomhlacht eile a chinneann críocha agus modhanna próiseála sonraí pearsanta.

Tagraíonn próiseálaí sonraí do dhuine, do chuideachta nó do chomhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann rialaitheora sonraí.

Tagraíonn an téarma “próiseáil” d’aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta. Cuimsíonn an phróiseáil sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a aisghabháil, a úsáid, a chomhcheangal, a ghlanadh agus a scriosadh, agus d’fhéadfadh oibríochtaí uathoibrithe nó láimhe a bheith i gceist leis freisin.

Comhroinnt sonraí is ea a roinntear sonraí pearsanta idir dhá rialaitheoir sonraí. Éilítear go mbeidh bunús dlí le comhroinnt sonraí agus go mbeidh siad trédhearcach.

Data Protection Officer –Department of Education

Seoladh:
Data Protection Unit, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath, N35 X659
Ríomhphost:

dpo@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3908