Déan íocaíocht leis an Roinn Oideachais
- Foilsithe: 9 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Eolas
Oibríonn an Roinn seo cuntas bainc tráchtála ionas gur féidir íocaíochtaí a fháil ó fhoinsí éagsúla. Ón uair gur mór an líon íocaíochtaí a fhaightear sa Roinn ar bhonn laethúil, tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú réamhfhógra faoi d'íocaíocht chun na Roinne ionas go gcinnteofar go gcuirfear d'íocaíocht chun sochair ar mhaithe leis an gcuspóir dar ceapadh an íocaíocht.
Is trí Ríomhaistriú Airgid (EFT) a dhéantar íocaíochtaí leis an Roinn seo.
Má tá tú chun íocaíocht a dhéanamh leis an Roinn seo, caithfidh tú:
- réamhfhógra a chur chun na Roinne go mbeidh d'íocaíocht á lóisteáil i gcuntas bainc na Roinne tríd an bhfoirm cheangailte a líonadh agus í sin a chur chun na Roinne. Is í an tslí is tapúla le d'fhoirm fhógra a bheith faighte ag an Roinn seo ná í a chur tríd an ríomhphost
- na sonraí den íocaíocht a bheidh le déanamh leis an Roinn a thabhairt do do bhanc
Thairis sin, tá sé tábhachtach go liostóidh do bhanc an scríbhinn (an uimhir thagartha) ar an íocaíocht nuair a bheifear ag lóisteáil na híocaíochta.
Maidir le híocaíocht a gheofar gan scríbhinn, ní chuirfear í chun sochair do do thaifead go dtí go ndéanfar an íocaíocht a shainaithint mar íocaíocht uaitse.
Foirm fhógra
Foirm Fhógra Íocaíochta Pinsin
Ní foláir an fhoirm seo a líonadh sula ndéanfar an lóisteáil i gcuntas bainc na Roinne Oideachais.