English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Eolais Earnála Poiblí a Athúsáid

Déanann an Roinn Oideachais de réir na Rialacháin a bhaineann le Athfheidhmiú na Faisnéise um Earnáil Phoiblíagus táimid i bhfábhar athusáide na faisnéise a dhéanaimid a tháirgeadh.

An fhaisnéis uile ar fáil ar ár láithreán gréasáin, tá sí faoi chóipcheart An Roinn Oideachais mura léirítear a mhalairt. Tá sé ceadaithe agat an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid saor in aisce agus i bhformáid ar bith..

Áirítear chóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, fhoilsiú, craoladh agus aistriúchán go teangacha eile mar athúsáid. Cuimsíonn sé taighde agus staidéar neamhthrádálach, freisin.

Beidh an athúsáid faoi réir na coinníollacha a leanas. Ní mór duit:

  • an fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil i gcásanna go ndéanfar an fhaisnéis a sholáthar do dhaoine eile;
  • an fhaisnéis a ath-tháirgeadh go beacht ceart;
  • gan an fhaisnéis a fheidhmiú chun duine a chur amú;
  • gan an fhaisnéis a fheidhmiú d?aon ghnó chun táirgeadh nó seirbhís a fhógairt nó a chur chun cinn.
  • gan an fhaisnéis a fheidhmiú chun cásanna a phlé nó a thacú a bheadh neamhdhleathach, mímhorálta, calaoiseach nó mímhacánta.

Ní bheidh an Roinn Oideachais freagrach as cailliúint nó as dlíteanas ar bith a bhainfidh le athfheidhmiú na faisnéise agus ní dhearbhaíonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó go bhfuil sí saor ó earráidí. Ní dhéanfaidh an Roinn Oideachais úsáideoir ar bith a údarú cearta eisiatacha a bheith aige/aice ar athfheidhmiú na faisnéise.