English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Fiosruithe Taighde ar Thaifid Oideachais



An Chartlann Náisiúnta

Faigheann an Chartlann Náisiúnta na mílte doiciméad in aghaidh na bliana a bhaineann le gnó an Rialtais. Is cuid dár sainordú taifid Ranna Rialtais, taifid chúirteanna agus taifid ghníomhaireachtaí stáit eile atá liostaithe sa Sceideal a ghabhann le hAcht na Cartlainne Náisiúnta, 1986 a chaomhnú agus na taifid sin a bhfuil luach buan leo a chur ar fáil don phobal inár Seomra Léitheoireachta.


Treoracha agus ailt taighde maidir le hOideachas Náisiúnta

Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh taifead ar Oideachas Náisiúnta atá á gcoinneáil sa Chartlann Náisiúnta.

Cuireann an Rannóg Seirbhísí Léitheoirí sa Chartlann Náisiúnta seirbhís phoiblí ar fáil do léitheoirí agus d’úsáideoirí, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn seachtrach araon. Riarann baill foirne na Rannóige seo an Seomra Léitheoireachta poiblí agus suíomh Gréasáin na Cartlainne Náisiúnta; áirithíonn siad soláthar na ndoiciméad agus na micreascannán do léitheoirí; freagraíonn siad fiosruithe trí litir, trí ríomhphost, trí fhacs nó trí theileafón; atáirgeann siad doiciméid de réir éileamh ón bpobal; freastalaíonn siad ar chuairteanna agus ar léachtaí, riarann siad an tSeirbhís Ghinealais; táirgeann siad ábhair phoiblíochta agus soláthraíonn siad taispeántais ar líne agus an ghné ar líne Doiciméid na Míosa a tharraingítear ó bhailiúcháin na Cartlainne Náisiúnta


Tuilleadh eolais

Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le seirbhísí a chuireann an Rannóg Seirbhísí Léitheoirí ar fáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas thíos:

Le haghaidh fiosruithe maidir le hobair na Rannóige Seirbhísí Léitheoirí, déan teagmháil le mail@nationalarchives.ie