Gearáin i dtaobh na Seirbhíse do Chustaiméirí
- Foilsithe: 19 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Le gearáin faoi eagraíochtaí eile nó a bhfoireann
- Le gearáin faoi scoil nó faoi fhoireann scoile
- Gearán faoin gcáilíocht seirbhíse a fuair tú ón Roinn
- Gearán maidir le cinneadh/beartas na Roinne
- Le gearán a bhaineann leis an bpróiseas dlí
- Le gearáin chráiteacha/mhaslacha
- Achomhairc
Le gearáin faoi eagraíochtaí eile nó a bhfoireann
Soláthraítear roinnt clár agus seirbhísí na Roinne trí raon eagraíochtaí eile, lena n-áirítear coláistí nó ollscoileanna. Ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na comhlachtaí sin le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Le gearáin faoi scoil nó faoi fhoireann scoile
Tá nósanna imeachta gearán ar leith i bhfeidhm le haghaidh gearán in aghaidh scoileanna nó foireann scoileanna. Tá faisnéis ar fáil ar ár leathanach um Fhaisnéis do Thuismitheoirí.
Gearán faoin gcáilíocht seirbhíse a fuair tú ón Roinn
Mar chustaiméir d'fhéadfadh sé go mbeifeá míshásta leis an gcáilíocht seirbhíse a fuair tú ón Roinn. Aithnímid gur féidir botúin a dhéanamh agus go dtagann moill ar chúrsaí. Tá ár nósanna imeachta gearáin ceaptha chun cuidiú leat gearán a dhéanamh ionas gur féidir linn freagairt agus, más féidir, cúrsaí a chur ina gceart.
Gearán maidir le cinneadh/beartas na Roinne
Tá nósanna imeachta achomhairc i bhfeidhm i rannóga éagsúla sa Roinn. Is féidir eolas faoi nósanna imeachta achomhairc a fheiceáil anseo. Ma bhaineann do ghearán le cinneadh nó beartas, nach mbaineann nós imeachta achomhairc leis, ba cheart duit do ghearán a sheoladh chuig Cheann na Rannóige chuí agus déanfar é a fhiosrú.
Tá eolas teagmhála ár gcuid rannóg ar fáil ónár gCairt Bhainistíochta agus Eagrúcháin.
Le gearán a bhaineann leis an bpróiseas dlí
Ní féidir linn plé le gearán is ábhar do dhlíthíocht shibhialta nó d’imeachtaí coiriúla.
Le gearáin chráiteacha/mhaslacha
Ní iarrtar ar aon duine iompar maslach ná ionsaitheach a fhulaingt. Déanfaidh an Roinn gach iarracht foireann a chosaint ar ghearáin mhailíseacha.
Customer Service Office
- Seoladh:
- Customer Services Office, Department of Education, Marlborough Street, Dublin, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6690
Achomhairc
Boird um Achomhairc Neamhspleácha
- Achomharc in aghaidh Eisiamh Buan, Fionraí nó Diúltú
- Achomhairc Iompair Scoile
- Creidmheas Incriminteach
- Bord Achomharc Deontas Mac Léin
- Foirm Iarratais le hachomhairc a dhéanamh ar an mBord Achomharc um Sholáthar Foirne
- Nós Imeachta Athbhreithnithe do Chigireachtaí ar Scoileanna agus ar Mhúinteoirí de réir Alt 13 (9) den Acht Oideachais (1998)
Rannóg
- Próiseas Achomhairc um Thinneas Criticiúil: Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostóirí – Seirbhís Sláinte Ceirde do Mhúinteoirí agus Seirbhís Sláinte Ceirde do Chúntóirí Riachtanas Speisialta: Lámhleabhar Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha
- An Scéim um Aisíoc Táillí Múinteoirí
- Clár um Chúrsaí Samhraidh