Gníomhaireachtaí Oideachais
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2022
- An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
- An Foras Taighde ar Oideachas (FTO)
- An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
- Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC)
- An Chomhairle Mhúinteoireachta
- An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
- CARANUA An Bord um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe
- An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú (CICA)
- An Bord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe (RIRB)
- An Coiste Athbhreithnithe um Shásamh Institiúidí Cónaithe (RIRC)
Féach anseo mar Sonraí Bhallraíochta na mBord Stáit
Tá comhlachtaí a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Oideachais liostaithe thíos.
An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Bunaíodh An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi fhorálacha Airteagal 31 den Acht Oideachais 1998 tar éis feachtais faoi stiúir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta d’fhonn struchtúr a bhunú chun freastal ar riachtanais scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Baineann ról COGG le hoideachas bunscoile agus le hoideachas iarbhunscoile araon.
Áirítear leis seo:
- Soláthar acmhainní teagaisc
- Soláthar seirbhísí tacaíochta
- Taighde
An Foras Taighde ar Oideachas (FTO)
Cuireadh an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) ar bun sa bhliain 1966. Ionad barr feabhais sa taighde, sa mheasúnacht agus sa mheastóireacht ó thaobh oideachais de is ea an Foras, a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach aige. Bunaíodh an Foras mar chomhlacht corparáide faoi Alt 54 den Acht Oideachais, 1998 ar an 9 Meán Fómhair 2015.
Seo a leanas príomhfhreagrachtaí an Fhorais:
- Taighde neamhspleách a dhéanamh ar gach uile ghné den oideachas ar gach uile leibhéal den chóras oideachais, lena n-áirítear taighde a chuirfidh bonn eolais faoi cheapadh beartais agus a fheabhsóidh caighdeáin oideachais; agus
- Seirbhís tacaíochta measúnachta a chur ar fáil do scoileanna agus d’ionaid oideachais (lena n-áirítear trialacha caighdeánaithe a fhorbairt agus a chur ar fáil, mar aon le huirlisí measúnachta eile).
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Is é ról An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA), a bunaíodh ar bhonn reachtúil i 2001, forbairtí i gcuraclam agus i measúnacht a stiúradh agus tacú le cur chun feidhme na n-athruithe a thagann ón obair seo.
- Oibríonn NCCA i spiorad na comhthola agus na comhpháirtíochta. Féachann sí le timpeallacht nuálach chruthaitheach a chur chun cinn do gach foghlaimeoir i scoileanna agus i suímh eile oideachais.
- Cinneann an tAire Oideachais, a fhaigheann comhairle ó NCCA, an curaclam do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna na hÉireann.
- Ní amháin go leagann an curaclam amach na nithe atá le teagasc agus an dóigh a bhfuil siad le teagasc, ach leagann sé amach freisin an dóigh a bhfuil measúnacht le déanamh ar fhoghlaim i réimse an ábhair ar leith.
Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC)
Is ionann Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC), a bunaíodh i 2003, agus comhlacht poiblí neamhrannach faoi choimirce na Roinne Oideachais.
- Tá SEC tiomanta do bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le húdaráis scoile agus le soláthraithe oideachais d’fhonn córas scrúdaithe agus measúnaithe ar ardchaighdeán a sholáthar atá éifeachtach, cóir agus inrochtana agus d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmítear an córas i dtimpeallacht oscailteachta, trédhearcachta agus cuntasachta.
- Tá SEC freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus deimhniú a dhéanamh ar scrúduithe dara leibhéal i stát na hÉireann: an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Is ionann Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus comhlacht poiblí neamhrannach faoi choimirce na Roinne Oideachais.
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bunaíodh An Chomhairle Mhúinteoireachta mar chomhlacht reachtúil i mí an Mharta 2006.
- Múinteoireacht a chur chun cinn ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile
- Forbairt ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn
- Caighdeáin sa ghairm a rialú.
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag eascairt as míchumais agus béim faoi leith ar leanaí ann.
Bunaíodh an Chomhairle den chéad uair mar chomhlacht reachtúil neamhspleách ar ordú an Aire Oideachais agus Eolaíochta i Nollaig 2003.
Tugann an NCSE tacaíocht do scoileanna agus do thuismitheoirí trína ghréasán d’Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (SENO) laistigh de limistéir shainithe thíreolaíochta. Is féidir le SENO comhairle a chur ar scoileanna agus ar thuismitheoirí maidir leis na háiseanna, na seirbhísí agus na hacmhainní atá ar fáil le cuidiú le leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu. Tá freagracht ar gach SENO le haghaidh scoileanna faoi leith, bunscoileanna, iarbhunscoileanna agus scoileanna speisialta ina cheantar féin.
Bíonn SENO ag plé le hiarratais le haghaidh teagaisc bhreise agus tacaíocht Cúntóra Riachtanas Speisialta le haghaidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ó gach scoil aitheanta. Cuidíonn an SENO freisin le hiarratais ar iompar agus ar Theicneolaíocht Chúnta.
Tá ainm agus sonraí teagmhála an SENO i do cheantar ar fáil ar láithreánh Gréasáin NCSE
CARANUA An Bord um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe
Bunaíodh Bunaíodh an Bord um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe an 25 Márta 2013 (an Bord) faoi fhorálacha An Achta um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012. Ghlac an Bord le hainm na seirbhíse "Caranua" i mí Dheireadh Fómhair 2013.
Déanann an Bord maoirseacht ar úsáid ranníocaíochtaí airgid suas le €110m atá geallta ag na pobail chreidimh chun tacú le riachtanais beagnach 15,000 duine a tháinig slán ó mhí-úsáid leanaí in institiúidí cónaithe. Tá dámhachtainí ón mBord Sásamh d'Institiúidí Cónaithe nó dámhachtainí coibhéiseacha ó na cúirteanna faighte ag na marthanóirí sin.
Tá ceangal ar an mBord géilleadh d'fhorálacha Acht 2012 agus do bheartas an Rialtais i dtaca le feidhmiú a fheidhmeanna. Ghabh Ciste Reachtúil na bhForas Cónaithe (an Ciste) áit an Bhoird Airgeadais Oideachais, atá scortha anois.
Is iad príomhfheidhmeanna an Bhoird, mar atá leagtha síos san Acht:
Deontais a íoc le hiarchónaitheoirí ionas gur féidir leo leas a bhaint as seirbhísí faofa, lena n-áirítear; seirbhísí meabhhairshláinte, seirbhísí sóisialta sláinte agus pearsanta, seirbhísí oideachais agus seirbhísí tacaíochta tithíochta. Lena chois sin, cothóidh sé tuiscint i measc na ndaoine a bhfuil baint acu le soláthar na seirbhísí faofa agus na seirbhísí atá ar fáil go poiblí d'iarchónaitheoirí ar thionchar na mí-úsáide ar iarchónaitheoirí.
An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú (CICA)
Bunaíodh An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú (CICA) ar an 23 Bealtaine, 2000, de bhun an Achta um Choimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú 2000. Níl aon ról aige maidir le cúiteamh airgeadais. Tá an fheidhm sin faoin mBord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe (RIRB).
An Bord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe (RIRB)
Bunaíodh An Bord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe (RIRB)
faoin Acht um Shásamh Institiúidí Cónaithe, 2002.
Féachann le RIRB íocaíochtaí cothroma agus réasúnta a dhéanamh le daoine a d’fhulaing drochúsáid agus iad ina leanaí i scoileanna tionsclaíocha, i scoileanna ceartúcháin agus in institiúidí eile atá faoi réir rialú nó cigireacht stáit.
An Coiste Athbhreithnithe um Shásamh Institiúidí Cónaithe (RIRC)
Bunaíodh An Coiste Athbhreithnithe um Shásamh Institiúidí Cónaithe (RIRC) faoin Acht um Shásamh Institiúidí Cónaithe, 2002.
Féadfaidh duine nach bhfuil sásta leis an íocaíocht a dhéanann an Bord i ndiaidh éisteachta iarratas a dhéanamh ar an gCoiste Athbhreithnithe um Shásamh Institiúidí Cónaithe d’athbhreithniú ar íocaíocht an Bhoird. Féadfaidh an Coiste Athbhreithnithe seasamh le híocaíocht an Bhoird, an íocaíocht a mhéadú nó í a laghdú.