English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Grúpaí agus Coistí díolmhaithe faoin gCód Trédhearcachta


Ar aon dul le prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, oibríonn na grúpaí seo a leanas faoi na treoirlínte atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta. Ciallaíonn sé seo go bhfoilsítear ballraíocht agus clár oibre na ngrúpaí, agus miontuairiscí agus cláir oibre na gcruinnithe uile anseo ar an suíomh Gréasáin seo.

Gheofar tuilleadh sonraí faoin gCód Trédhearcachta anseo.


Grúpa Comhairleach um Pleanáil do na Scrúduithe Stáit

Ag leanúint dá ról comhairleach tosaigh i bpleanáil do scrúduithe stáit 2020 tugann an Grúpa Comhairleach ar Phleanáil do Scrúduithe Stáit.


An Grúpa Comhairleach um Pleanáil Theagmhasach do na Scrúduithe Stáit in 2020

Bunaíodh an Grúpa Comhairleach chun socruithe athraithe a aithint maidir le reáchtáil na scrúduithe stáit in 2020, maidir le foghlaim scoláirí a dheimhniú in 2020, agus maidir le haon ghníomhartha iarmhartacha a thiocfadh chun cinn agus chun comhairle a chur ar fáil don Aire agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit ina leith sin.


Grúpa Comhairleach DEIS

Grúpa Comhairleach DEIS comhdhéanta d’ionadaithe ó pháirtnéirí an oideachais, Ranna Rialtais ábhartha, an Foras Taighde ar Oideachas, Tusla agus Oifigigh na RO.


Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO


Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta

Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta i Márta 2017 chun tacú le cur i bhfeidhm céimnithe an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.


Bord Tionscadail Seirbhísí Comhroinnte Párolla Ardoideachais

Is é ról an Bhoird seo treoir agus tacaíocht aontaithe a chur ar fáil don tionscadal seirbhísí comhroinnte párolla san earnáil Ardoideachais.


An Fóram Bunoideachais

Tacaíonn an Fóram le hathrú a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta in earnáil na bunscoile agus déantar faisnéis a mhalartú ar chuspóir agus ar thionchair na ngníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas d’fhonn sineirgí agus deiseanna a fhiosrú do scoileanna chun cur i bhfeidhm a shruthlíniú agus dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le hualach oibre.


Grúpa Stiúrtha na Samhla um Chuimsiú Scoile

Grúpa Stiúrtha le comhairle, faireachán, agus maoirseacht, comhordú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar thástáil naSamhla nua um Chuimsiú Scoile mar atá faofa ag an Rialtas an 12 Feabhra 2019.


An Grúpa Oibre Cumarsáide maidir le Soláthar Múinteoirí

Beidh an Grúpa Oibre freagrach don Ghrúpa Chur Chun Feidhme agus cuirfidh siad moltaí faoina bhráid.


Grúpa Oibre Sonraí maidir le Soláthar Múinteoirí

Beidh an Grúpa Oibre freagrach don Ghrúpa Chur Chun Feidhme agus cuirfidh sé moltaí faoina bhráid.


Grúpa Chur Chun Feidhme maidir le Soláthar Múinteoirí

Tugann an Grúpa Chur Chun Feidhme maidir le Soláthar Múinteoirí tacaíocht d’obair an Ghrúpa Stiúrtha maidir le Soláthar Múinteoirí trí ghnóthaí a aithint agus clár gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm ar sholáthar múinteoirí.


Grúpa Stiúrtha maidir le Soláthar Múinteoirí

Grúpa Stiúrtha na Roinne Oideachais maidir le Soláthar Múinteoirí.