Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Grúpa Oibre Polasaithe agus Socruithe maidir le Soláthar Múinteoirí do scoileanna agus múinteoirí a bhfuil tionchar acu ar sholáthar múinteoirí


Cé sinn

Polasaithe agus socruithe maidir le Soláthar Múinteoirí do scoileanna agus múinteoirí a bhfuil tionchar acu ar sholáthar múinteoirí.

Cad a dhéanaimid

Beidh an Grúpa Oibre freagrach don Ghrúpa Chur Chun Feidhme agus cuirfidh siad moltaí faoina bhráid. Áireofar ar na moltaí, sraithchlár gníomhaíochtaí, le clár ama agus, nuair is cuí, costais mheasta /riachtanais acmhainní. Aithneofar an príomhghníomhaire do gach gníomh freisin.

Téarmaí Tagartha

Beidh na Polasaithe agus Socruithe do scoileanna agus múinteoirí a bhfuil tionchar acu ar sholáthar múinteoirí freagrach do Ghrúpa Chur Chun Feidhme na Roinne maidir le Soláthar Múinteoirí agus beidh na feidhmeanna seo a leanas acu.

Déanfaidh an Grúpa Oibre na gnéithe seo a leanas:

(a) Breathnú ar réimse leathan socruithe agus polasaithe na Roinne agus na Scoileanna a bhfuil tús curtha leo agus a bhfuil impleachtaí acu ar éileamh agus ar sholáthar múinteoirí.

(b) Forbairt agus moltaí a dhéanamh maidir leis an tslí arbh fhéidir socruithe agus polasaithe dá leithéid a leasú chun:

Am sa seomra ranga a uasmhéadú don ghrúpa reatha múinteoirí agus laghdú a dhéanamh ar éileamh múinteoirí dá réir (d’fholúntais ghearrthéarma ach go háirithe), agus

Tacú le soláthar múinteoirí chun freastal ar riachtanais scoileanna

(c) Maoirseacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích ar bhonn rialta faoin gceannlíne seo.

Spriocam measta don ghrúpa lena chuid oibre a chur i gcrích: Leanúnach

Ballraíocht

Aoife Conduit Cathaoirleach, An Roinn Oideachais *
Elaine Collins An Roinn Oideachais
Chris Kelly An Roinn Oideachais
Philip Crosby An Roinn Oideachais
Alfie Barrett An Roinn Oideachais
Gabriel Martin An Roinn Oideachais
Antoinette Nic Gearailt Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha, comhlachtaí bainistíochta (iarbhunscolaíocht)
Sinead Brett comhlachtaí bainistíochta (bunscolaíocht)
  • = Oifigeach Poiblí Ainmnithe (OPA)

Cáipéisí na gCruinnithe

Teagmháil

Paula Sheridan

Seoladh:
Department of Education and Youth, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath, N37 X659
Ríomhphost:

Paula_Sheridan@education.gov.ie

Teileafón:
(086) 826 0394

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat