Grúpa Stiúrtha na Samhla um Chuimsiú Scoile
- Foilsithe: 18 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2024
Cé sinn
Grúpa Stiúrtha na Samhla um Chuimsiú Scoile.
Cad a dhéanaimid
Grúpa Stiúrtha le comhairle, faireachán, agus maoirseacht, comhordú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar thástáil naSamhla nua um Chuimsiú Scoile mar atá faofa ag an Rialtas an 12 Feabhra 2019.
Spriocam measta don ghrúpa lena chuid oibre a chur i gcrích: Ar siúl ar feadh thréimhse na Samhla Cuimsithe Scoile.
Téarmaí Tagartha
Rinneadh €4.75m a chionroinnt i gCáinaisnéis 2019 chun tacú le cur chunfeidhme na moltaí a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) ina Pháipéar Comhairle Beartais Uimh. 6 "Athbhreithniú Cuimsitheach ar an Scéim Cúntóirí Riachtanas Speisialta - Samhail um Chuimsiú Scoile nua leis na tacaí cearta a sheachadadh ag an am ceart do dhaltaí le riachtanais speisialta chúraim". Is é Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais a bhíonn freagrach as cuntasaíocht na gcistí sin de réir Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí agus dualgais an Oifigigh Chuntasaíochta mar atá mínithe in Acht an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste (Leasú) 1993.
Is í an Roinn Oideachais an roinn tosaigh a bhíonn freagrach as pleanáil agus forfheidhmiú na moltaí, lena n-áirítear seachadadh in am agus laistigh den bhuiséad. Déanfar Meabhrán Tuisceana ardleibhéil (MT) a dhréachtú mar a leagfar amach róil agus freagrachtaí maidir le tástáil naSamhla um Chuimsiú Scoile, agus aontófar é idir an Roinn Oideachais, An Roinn Sláinte, Leanaí agus Gnóthaí Óige; an NCSE agus an FSS. Cuirfear béim láidir ar chomhcheangal seirbhísí ar fud na n-earnálacha agus an cuspóir comhroinnte céanna acu, torthaí a fheabhsú do leanaí trí rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí d'fhonn an tacaíocht cheart a sheachadadh ag an am ceart ón duine ceart. Beidh an MT faoi threoir ag taithí agus meastóireacht an tionscadail taispeána teiripe atá ar siúl.
Táthar ag bunú Grúpa Stiúrtha chun comhairle, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt, ar chomhordú agus ar fhorfheidhmiú na tástála ar Shamhail nua um Chuimsiú Scoile mar atá faofa ag an Rialtas an 12 Feabhra 2019.
Beidh an Grúpa faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais (Ard-Rúnaí Cúnta le freagracht i leith Oideachais Speisialta), agus beidh sé comhdhéanta d'ionadaithe ardleibhéil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; An Roinn Sláinte; agus An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Soláthróidh an Grúpa fóram do na príomhghníomhaithe le freagracht as na gníomhartha atá mar bhonn don tsamhail a sheachadadh d'fhonn pleanáil agus seachadadh a aontú.
Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an nGrúpa:
- fóram a sholáthar le machnhamh faoi chomhpháirteanna an Phlean Forfheidhmithe maidir leis an tSamhail um Chuimsiú Scoileanna a fhorbairt, chomh maith le cuspóirí, torthaí, spriocanna, tráthchláir an tionscadail, táscairí dul chun cinn abheidh le faireachán , ceannghníomhartha, inseachadtaí ceannghníomhartha agus próiseas soiléir géaraithe a leagan amach má eascraíonn fadhbanna le linn seachadadh aon ghníomh(artha).
- faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn i leith gníomhartha, agus treoir a sholáthar de réir mar is gá lena n-áirítear soiléiriú ar róil agus freagrachtaí, más gá;
- cé go bhfanfaidh freagracht fhoriomlán um rialachas agus cuntasacht na samhla nua leis an Roinn Oideachais, soláthróidh an grúpa fóram lena áirithiú go mbíonn rialachas, cuntasacht, meastóireacht agus socruithe idirghníomhaireachta i bhfeidhm.
- socruithe cumarsáide agus comhairliúcháin riachtanacha a athbhreithniú maidir le teachtaireachtaí agus forbairt agus forfheidhmiú beartais éifeachtach;
- fóram a sholáthar le saincheisteanna ábhartha beartais a phlé agus a shoiléiriú, mar ionad imréitigh tuarascálacha don Rialtas; agus
- raon feidhme a athbhreithniú agus meastóireacht a phleanáil
Bunófar Meitheal le Téarmaí Tagartha aontaithe chun tacú leis an nGrúpa Stiúrtha (GS) agus é i mbun a fheidhmeanna. Beidh an Mheitheal ag tuairisciú chuig an GS. Cuirfear foghrúpaí den Ghrúpa Oibre ar bun, agus beidh siad ag tuarisciú chuig an Meitheal, mura n-aontaíonn an GS a mhalairt. Áireofar meastóireacht, pleanáil fórsa oibre, oiliúint, seirbhís faoi threoir altranais, agus cibé grúpaí eile a bhunóidh an Grúpa Stiúrtha ó am go chéile. Soláthrófar téarmaí tagartha agus tráthchláir dá gcuid oibre do gach foghrúpa.
Táthar ag súil go mbeidh an GS ag cruinniú le chéile go míosúil ar dtús agus go ráithiúil nó ag tráthanna eile mar a aontófar. Aontófar sceideal cruinnithe.
Ballraíocht
Oifigeach Poiblí Ainmnithe (OPA): Dalton Tattan, Ard-Rúnaí Cúnta | RO | |
Dalton Tattan, Ard-Rúnaí Cúnta | RO (Cathaoirleach) | |
Patricia Coleman | DPER | |
Kathleen MacLellan | DOH | |
Teresa Griffin | NCSE | |
Anne Tansey | NEPS | |
Cathal Morgan | FSS | |
Mary O’Kelly | FSS | |
Anne Vaughan | Neamhspleách |
Cuirfidh an Roinn Oideachais rúnaíocht an Ghrúpa ar fáil.
Déanfar tástáil ar an tsamhail nua um chuimsiú scoile mar seo a leanas:
1. Treoirthionscadal a bhunú de shamhail seirbhíse nua do leanaí le riachtanais chúraim agus oideachasúla speisialta breise ina mbeidh suas le 75 scoil rannpháirteach i limistéar na hEagraíochta Cúraim Sláinte Pobail (CHO 7). Tá sé beartaithe go gclúdófar leis an treoirthionscadalan scoilbhliain 2019/20. Bheadh na gnéithe seo a leanas ag an tsamhail seirbhíse nua:
(a) tionscnamh samhail chionroinnte nua tús-ualaithe de Chúntóirí Riachtanas Speisialta le cionroinnt i gcomhréir le héileamh próifílithe le harid ar chur chuige na Samhla Cionroinnte Nua do Mhúinteoirí Oideachais Speisialta a tionsnaíodh i mí Mheán Fómhair 2017;
(b) forleathnú na Seirbhíse Oideachasúla Síceolaíochta Náisiúnta (NEPS) chun tacú le treoirscoileanna; agus
(c) leanúint leis an tionscadal taispeána réamhscoile agus ionscoile sa treoirlimistéar le seirbhís thimfhillteach a chinntiú do na treoirscoileanna.
2. Foireann Tacaíochta Réigiúnach NCSE a bhunú ar bhonn píolótach i limistéarna hEagraíochta Cúraim Sláinte Pobail (CHO 7) mar a mbeidh an treoirthionscadal ar siúl, lena n-áireofar speisialtóirí sna disciplíní ábhartha, d'fhonn Forbairt Leanúnach Ghairmiúil na múinteoirí agus an dea-chleachtas a threorú sna scoileanna sa limistéar sin;
3. Clár Oiliúna Náisiúnta a fhorbairt do na Cúntóirí Oideachais Speisialta agus do rolladh amach an treoirthionscadail;
4. Seirbhís altrachta a sholáthar do leanaí le riachtanais chasta leighis i scoileanna, mar fhorlíonadh ar an soláthar altrachta atá ar fáil le tacaíocht ón FSS; agus
5. Samhail oibriúcháin nua fheidhmeach a thástáil sa NSCE mar léiriú níos fearr ar bhunú na Seirbhíse Tacaíochta NCSE agus na bhfoirne réigiúnacha, agus le tacaí a chomhtháthú níos iomláine ar son treorú na samhla nua.
Cruinnithe
Teagmháil
Special Education Section
- Seoladh:
- Department of Education, Special Education Section, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 4187